28. Luach Saothair na Stiúrthóirí
2017 €’000 | 2016 €’000 | |
Luachanna Saothair | 380 | 396 |
Ranníocaíochtaí le scéimeanna sochair scoir | ||
Sochar sainithe | 180 | 116 |
Tá sochair scoir á bhfabhrú chuig beirt Stiúrthóirí (2016: beirt Stiúrthóirí) faoi scéimeanna le sochair sainithe.
Ní ghlacann na Stiúrthóirí páirt in aon scéimeanna dreasachta fadtéarmaí agus níl aon leasanna gnáthscaire acu sa Chomhlacht. Ní dhearnadh aon íocaíochtaí i rith na bliana (2016: NIL) i dtaobh cúitimh as cailliúint oifige nó íocaíochtaí foirceannta eile.
San áireamh sa mhéid thuas tá pacáiste luach saothair an Phríomhfheidhmeannaigh déanta suas mar seo a leanas:
2017 €’000 | 2016 €’000 | |
Táillí Stiúrthóra | 13 | 13 |
Tuarastal | 185 | 185 |
Sochair eile a chuimsíonn Costais Phinsin agus Sochair Inchánach | 161 | 95 |
359 | 293 |
Táillí Stiúrthóra
2017 € | 2016 € | |
L McCaffrey | 21,600 | 21,600 |
E O’Reilly | 12,600 | 12,600 |
P Bates | 12,600 | 12,600 |
H Collins | - | 7,198 |
E Finnan | 12,600 | 3,176 |
G Darling | 12,600 | 12,600 |
P Magner | - | 12,600 |
J Moore * | 8,855 | 12,600 |
K Nolan * | 3,245 | - |
84,100 | 94,974 |
*I dteannta le táillí na Stiúrthóirí, íocadh an tUas. Moore agus an tUas. Nolan mar fhostaithe de chuid Comhlacht Chalafort Átha Cliath.
Cúiteamh na bpríomhbhainisteoirí
TTá an cúiteamh íoctha nó iníoctha le príomhbhainisteoirí taispeánta thíos:
2017 €’000 | 2016 €’000 | |
Tuarastail agus sochair ghearrthéarmacha eile | 1,588 | 1,490 |
Sochair iarfhostaíochta | 354 | 316 |
Iomlán chúiteamh na bpríomhbhainisteoirí | 1,942 | 1,806 |
Léiríonn méideanna cúitimh na bpríomhbhainisteoirí arna nochtadh cúiteamh do na daoine sin a bhfuil údarás acu agus freagracht orthu maidir le gníomhaíochtaí an Chomhlachta a phleanáil, a stiúradh agus a rialú. Cuimsíonn na príomhbhainisteoirí Baill Boird agus baill den fhoireann bainistíochta feidhmí. Tá ÁSPC an fhostóra san áireamh leis na méideanna atá thuasluaite.