27. Ionstraimí Airgeadais
Tá na hionstraimí airgeadais seo a leanas ag an gComhlacht:
2017 €’000 | 2016 €’000 | |
Sócmhainní airgeadais ar ionstraimí fiachais iad atá tomhaiste ar chostas amúchta: | ||
Féichiúnaithe trádála | 11,756 | 12,487 |
Trádálaithe eile | 156 | 640 |
11,912 | 13,127 | |
Airgead sa bhanc agus ar láimh | 21,924 | 37,986 |
Dliteanais airgeadais arna dtomhas ar luach cóir trí bhrabús nó caillteanas: | ||
Ionstraimí airgeadais díorthaigh | - | 148 |
Dliteanais airgeadais arna dtomhas ar chostas amúchta: | ||
Iasachtaí bainc | 59,788 | 34,987 |
Creidiúnaithe trádála | 675 | 650 |
Creidiúnaithe eile | 9,948 | 6,757 |
70,411 | 42,394 |
Ionstraimí airgeadais díorthaigh - Malairtí ráta úis
Téann an Comhlacht i mbun conarthaí um malairt rátaí úis chun an nochtadh do rátaí úis ar iasachtaí an Chomhlachta a mhaolú. Ar an 31 Nollaig 2017, ní raibh aon chonradh díorthaigh i bhfeidhm. Ar 31 Nollaig 2016, tiocfaidh na conarthaí go léir in aibíocht laistigh de 3 mhí ó dheireadh na bliana.
Déantar na conarthaí um babhtáil rátaí úis a thomhas ar luach cóir, a dhéantar a shocrú agus úsáid á baint as teicnící luachála ina n-úsáidtear ionchuir inbhraite. Sa luach cóir tógtar san áireamh na rátaí seasta, comhlúthacha agus margaidh i bhfeidhm ag deireadh na bliana. Ós rud é go ndéantar babhtáil rátaí úis a mharcáil go margadh ag deireadh na bliana, tá a luach carraeireachta comhionann lena luach cóir.