Tuarascáil na nIniúchóirí Neamhspleácha chuig na baill de Chomlacht Chalafort Átha Cliath

Tuarascáil ar na ráitis airgeadais

Tuairim ar ráitis airgeadais de Chomlacht Chalafort Átha Cliath (an ‘Chuideachta’)

I nár dtuairim tugann ráitis airgeadais de Chomlacht Chalafort Átha Cliath:

  • léargas fíor agus cóir ar shócmhainní, ar dhliteanais agus ar staid airgeadais na Cuideachta amhail an 31 Nollaig 2017 agus ar a sreafaí brabúis agus airgid thirim don bhliain airgeadais dar críoch sin; agus
  • ullmhaíodh iad i gceart i gcomhréir le Cleachtas Cuntasaíochta a nGlactar leis go Ginearálta in Éirinn agus, go háirithe, i gcomhréir leis na ceanglais d’Acht na gCuideachtaí 2014.

Is éard atá sna ráitis airgeadais ná:

  • Cuntas Brabúis agus Caillteanais;
  • Ráiteas ar Ioncam Cuimsitheach;
  • Clár Comhardaithe;
  • Ráiteas ar Athruithe ar Chothromas;
  • Ráiteas ar Shreabhadh Airgid; agus
  • na nótaí lena mbaineann 1 go dtí 33, lena n-áirítear achoimre ar bheartais chuntasaíochta suntasacha mar atá leagtha amach.

Is é an creat tuairiscithe airgeadais ábhartha a bhí curtha i bhfeidhm i leith ullmhúchán na ráiteas airgeadais ná cuid d’Acht na gCuideachtaí 2014 agus CTA 102 “An Caighdeán Tuairiscithe Airgeadais is infheidhme sa Ríocht Aontaithe agus i bPoblacht na hÉireann” (“an creat tuairiscithe airgeadais ábhartha”).

Bunús le tuairim

Rinneamar ár n-iniúchadh i gcomhréir le Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (Éire) (CII (Éire)) agus an dlí is infheidhme. Tá curtha síos déanta ar ár bhfreagrachtaí faoi réir na gcaighdeán sin sa chuid “Freagrachtaí an Iniúchóra maidir le hiniúchadh ar na ráitis airgeadais” dár dtuarascáil.

Táimid neamhspleách ón gCuideachta i gcomhréir leis na ceanglais eiticiúla atá ábhartha lenár n-iniúchadh ar ráitis airgeadais in Éirinn, lena n-áirítear an caighdeán eiticiúil eisithe ag an Údarás Maoirseachta Iniúchóireachta agus Cuntasaíochta na hÉireann, agus tá ár bhfreagrachtaí eiticiúla eile comhlíonta againn i gcomhréir leis na ceanglais seo. Creidimid go bhfuil an fhianaise iniúchóireachta atá faighte againn leordhóthanach agus cuí chun bunús a sholáthar dár dtuairim.

Conclúidí a bhaineann le gnóthas leantach

Níl aon rud le tuairisciú againn maidir leis na nithe seo a leanas ina theastaíonn an Caighdeán Idirnáisiúnta ar Iniúchóireacht (Éire) tuairisciú a dhéanamh nuair:

  • níl na Stiúrthóirí ag baint úsáide as bunús cuntasóireachta den ghnóthas leantach ar bhealach cuí nuair atá siad ag ullmhú na ráiteas airgeadais; nó
  • níor nocht na Stiúrthóirí aon éiginnteachtaí aitheanta ábhartha sna ráitis airgeadais a d’fhéadfadh amhras suntasach a chaitheamh ar chumas na cuideachta maidir le bunús gnóthais leantaigh cuntasaíochta a ghlacadh ar feadh tréimhse dhá mhí dhéag ar a laghad ón dáta lena n-úradaítear na ráitis airgeadais ionas go bhféadfaí iad a eisiúint.

Eolas eile

Tá na Stiúrthóirí freagracht as an eolas eile. Is éard atá san eolas eile ná eolas lena n-áirítear sa Tuarascáil Bhliantúil agus sna Ráitis Airgeadais 2017, seachas na ráitis airgeadais agus tuarascáil ár n-iniúchóra faoi. Ní chumhdaíonn ár dtuairim ar na ráitis airgeadais an t-eolas eile agus, ach amháin a mhéid a luaitear a mhalairt go soiléir inár dtuarascáil, ní chuirimid in iúl aon chineál de chonclúid dearbhaithe air.

I gceangal lenár n-iniúchóireacht ar na ráitis airgeadais, tá sé d’fhreagracht orainn an t-eolas eile a léamh agus, ag déanamh amhlaidh, machnamh a dhéanamh an bhfuil an t-eolas eile neamhréireach go hábhartha leis na ráitis airgeadais nó ár n-eolas a fuarthas san iniúchóireacht nó eolas atá míchruinn go hábhartha. Má aithníonn muid neamhréireachtaí agus míthuairiscí ábhartha sin, tá sé de cheangal orainn a chinntiú an bhfuil míthuairisc ábhartha sna ráitis airgeadais nó an bhfuil míthuairisc ábhartha san eolas eile. Más rud é, bunaithe ar an obair atá déanta againn, a chinneann muid go bhfuil míthuairisc ábhartha ar an eolas eile seo, caithimid an fhíric sin a thuairisciú.

Níl aon rud le tuairisciú againn maidir leis sin.

Freagrachtaí na Stiúrthóirí

Mar a míníodh sa Ráiteas Fhreagrachtaí na Stiúrthóirí, tá na Stiúrthóirí freagrach as na ráitis airgeadais a ullmhú agus as a bheith sásta go gcuireann siad léargas iomlán agus cothrom ar fáil agus go gcomhlíonann siad le hAcht na gCuideachtaí 2014, agus tá siad freagrach as an smacht inmheánach a chinneann siad is gá chun a áirithiú go bhfuil ullmhúcháin na ráitis airgeadais saor ó mhíthuairisc ábharach, mar gheall ar chalaois nó ar earráid.

Trína ráitis airgeadais a ullmhú, tá na Stiúrthóirí freagrach as measúnú a dhéanamh ar chumas na Cuideachta leanúint mar ghnóthas leantach, tá siad freagrach as cúrsaí a bhaineann le gnóthas leantach a nochtadh, mar is infheidhme, agus úsáid a bhaint as an mbunús gnóthais leantaigh cuntasaíochta seachas má tá sé ar intinn ag na Stiúrthóirí an Chuideachta a leachtú nó stop a chur le gnóthaí, nó mura bhfuil aon rogha eile acu ach é sin a dhéanamh.

Freagrachtaí an Iniúchóra maidir leis na ráitis airgeadais a iniúchadh

Is iad ár gcuspóirí ná dearbhú réasúnta a fháil an bhfuil na ráitis airgeadais ar an iomlán saor ó mhíthuairisc, mar gheall ar chalaois nó ar earráid, agus tuarascáil an iniúchóra a eisiúint lenár dtuairim san áireamh. Is leibhéal ard de dhearbhú é dearbhú réasúnta, ach níl aon ráthaíocht ann i gcónaí go n-aimseoidh iniúchóireacht a dhéantar i gcomhréir le Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta

(Éire) míthuairisc ábharach nuair atá ceann ann. Is féidir le míthuairiscí teacht ó chalaois nó ó earráid agus meastar go bhfuil siad ábharach má, ina n-aonar nó trí chéile, is féidir leo tionchar a bheith acu ar chinntí eacnamaíocha na n-úsáideoirí ar bhonn na ráiteas airgeadais.

Mar pháirt d’iniúchóireacht i gcomhréir le Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (Éireann), úsáidimid breithiúnas gairmiúil agus coimeádaimid sceipteachas gairmiúil tríd an iniúchóireacht. Agus:

  • Aithnímid agus déanaimid measúnú ar na rioscaí a bhaineann le míthuairisc ábharach na ráiteas airgeadais, mar gheall ar chalaois nó ar earráid, ceapaimid agus feidhmímid nósanna imeachta iniúchóireachta atá freagrúil do na rioscaí sin, agus faighimid fianaise iniúchóireachta atá leordhóthanach agus cuí chun bunús a sholáthar dár dtuairim. Tá an riosca a bhaineann le míthuairisc ábharach a thagann ó chalaois agus gan í a aithint níos airde ná an riosca a bhaineann le míthuairisc a thagann ó earráid, mar is féidir le claonpháirtíocht, brionnú, easnaimh d’aon ghnó, mífhaisnéisí, nó sárú ar smacht inmheánach a bheith i gceist le calaois.
  • Faighimid tuiscint ar smacht inmheánach atá ábhartha don iniúchóireacht chun nósanna imeachta iniúchóireachta a cheapadh atá cuí sna cúinsí, ach ní chun tuairim a nochtadh maidir le héifeachtacht smacht inmheánach na Cuideachta.
  • Déanaimid oiriúnacht na bpolasaí cuntasaíochta agus réasúnacht na meastachán cuntasaíochta agus nochtadh na Stiúrthóirí atá bainteach leo sin a mheas.
  • Cinnimid ar an oiriúnacht atá na Stiúrthóirí ag baint úsáide den bhunús gnóthais leantaigh cuntasaíochta agus, bunaithe ar an bhfianaise iniúchóireachta a fhaightear, an bhfuil éiginnteacht ábharach ann a bhaineann leis na himeachtaí nó cúinsí a d’fhéadfadh amhras suntasach a chaitheamh ar chumas na Cuideachta leanúint mar ghnóthas leantach. Má chinnimid go bhfuil éiginnteacht ábharach ann, caithfimid na nochtadh a bhaineann léi sna ráitis airgeadais a léiriú inár dtuarascáil iniúchóireachta nó, má tá na nochtadh sin uireasach, caithfimid ár dtuairimí a mhodhnú. Tá ár gconclúidí bunaithe ar fhianaise iniúchóireachta a fhaightear suas le dáta thuarascála an iniúchóra. D’fhéadfadh imeachtaí nó cúinsí amach anseo stop a chur leis an eintiteas (nó i gcás inar cuí, an grúpa) leanúint mar ghnóthas leantach, áfach.
  • Measúnú a dhéanamh ar an léiriú ar an iomlán, struchtúr agus inneachar na ráiteas airgeadais, lena n-áirítear na nochtadh, agus an léiríonn na ráitis airgeadais idirbhearta bunúsacha agus imeachtaí ar bhealach a léiríonn léiriú cothrom.

Téimid i dteagmháil leis na daoine atá faoi chúram rialachais maidir le, i measc rudaí eile, raon feidhme agus uainiú an iniúchóireachta agus torthaí suntasacha an iniúchóireachta, lena n-áirítear easpaí suntasacha i smacht inmheánach a aithníonn an t-iniúchóir le linn an iniúchóireachta.

Déantar an tuarascáil do bhaill na Cuideachta amháin, mar chomhlacht, i gcomhréir le hAlt 391 d’Acht na gCuideachtaí 2014. Rinneadh ár gcuid oibre iniúchóireachta ionas gur féidir linn a chur in iúl do bhaill na Cuideachta na cúrsaí sin is gá dúinn a chur in iúl dóibh i dtuarascáil iniúchóra agus don chúis sin amháin. Go dtí an méid is mó atá ceadaithe de réir an dlí, ní ghlacaimid freagracht as aon duine seachas an Chuideachta agus baill den Chuideachta agus baill den Chuideachta mar chomhlacht, as ár n-obair iniúchóireachta, don tuarascáil seo, nó do na tuairimí atá againn.

Tuarascáil ar cheanglais dhlíthiúla agus rialála eile

Tuairim ar chúrsaí eile leagtha amach ag Acht na gCuideachtaí 2014

Bunaithe amháin ar an obair déanta le linn na hiniúchóireachta, tuairiscímid go bhfuil:

An fhaisnéis agus na míniúcháin ar fad faighte againn a mheasaimid go bhfuil siad riachtanach chun críocha an iniúchta againn.

Dar linn gur leor taifid chuntasaíochta na cuideachta chun iniúchóireacht réidh agus ceart a dhéanamh ar na ráitis airgeadais.

Tá na ráitis airgeadais ag teacht leis na taifid chuntasaíochta.

Dar linn go bhfuil an fhaisnéis tugtha i dtuarascáil na Stiúrthóirí ag teacht leis na ráitis airgeadais agus go n-ullmhaíodh tuarascáil na Stiúrthóirí i gcomhréir le hAcht na gCuideachtaí 2014.

Ábhair nach mór dúinn a thuairisciú de réir eisceachta

Bunaithe ar eolas agus tuiscint na Cuideachta agus ar a timpeallacht a fuarthas le linn na hiniúchóireachta, níl aon mhíthuairisc ábharach aitheanta againn i dtuarascáil na Stiúrthóirí.

Níl aon rud le tuairisciú againn maidir le forálacha Acht na gCuideachtaí 2014, lena n-éilítear orainn a thuairisciú duit mura ndearnadh luach saothair agus idirbhearta na Stiúrthóirí a nochtadh mar atá sonraithe de réir an dlí, inár dtuairimí.

Faoin gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú (Lúnasa 2016) (an “Cód Cleachtais”), éilítear orainn a thuairisciú duit mura léiríonn an ráiteas maidir le córas an smachta inmheánaigh airgeadais atá riachtanach faoin gCód Cleachtais, mar atá curtha san áireamh sa Ráiteas ar Rialachas Corparáideach i dtuarascáil na Stiúrthóirí, go bhfuil an Chuideachta ag cloí le mír 1.9(iv) den Chód Cleachtais nó nach bhfuil an ráiteas ag teacht leis an bhfaisnéis atá ar eolas againn mar thoradh ar ár n-obair iniúchóireachta ar na ráitis airgeadais. Níl aon rud le tuairisciú againn maidir leis sin.

Sinead McHugh

Do agus thar ceann Deloittee

Cuntasóirí Cairte agus Gnólacht Iniúchóireachta Reachtúla

Deloitte & Touche House, Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2

29th Márta 2018