4. Sócmhainní agus dliteanais arna bhfáil ar an Lá Dílsithe

Faoi fhorálacha an Acht Cuanta, 1996, chuaigh an Comhlacht i mbun na bhfeidhmeanna a bhíodh á gcomhlíonadh ag Bord Port agus Duganna Bhaile Átha Cliath ar an 3 Márta 1997 (“An Lá Dílsithe”).

Ansin shocraigh an tAire Cumarsáidí, Mara agus Acmhainní Nádúrtha mar a bhí ann ag an am, an costas don Chomhlacht as sócmhainní arna bhfáil ar an Lá Dílsithe. Tógadh ar láimh dliteanais (pinsin agus deontais chaipitil) ag a méideanna iarbhír nó socraithe. Áirítear le dliteanais phinsin (féach nóta 31) iad siúd i dtaobh theidlíochtaí pinsin roimh an Lá Dílsithe de chuid fhostaithe an Chomhlachta agus pinsinéirí reatha agus iarchurtha an aonáin a bhí ann roimhe, Bord Poirt agus Duganna Bhaile Átha Cliath.

Aistríodh sócmhainní agus feidhmeanna an Choiste Píolótaíochta a bunaíodh faoin Acht Píolótaíochta 1913, trí oibriú an dlí chuig Comhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath i mí Iúil 1997, faoin Acht Cuanta, 1996 Ordú (Thosach Feidhme) (Uimh. 3) 1997.

Sásaíodh an chomaoin le haghaidh na nglansócmhainní arna n-aistriú chuig an gComhlacht ag cruthú agus eisiúint 6.023 milliún gnáthscair de R£1 (€1.27) agus gach ceann íoctha go hiomlán. Tá aon ghnáthscair amháin i seilbh an Aire Airgeadais agus tá an chuid eile díobh i seilbh an Aire Iompair ar an 31 Nollaig 2017.