Beartais Chuntasaíochta

Tá na beartais shuntasacha chuntasaíochta a úsáideadh in ullmhú na ráiteas airgeadais seo leagtha amach thíos. Tá na beartais seo curtha i bhfeidhm go comhsheasmhach sna blianta airgeadais go léir atá curtha i láthair ach amháin má luaitear a mhalairt. Ghlac an comhlacht le CTA 102 den chéad uair riamh i ráitis airgeadais 2015.

Bunús an ullmhúcháin

Ullmhaíodh na ráitis airgeadais de réir choinbhinsiún an chostais stairiúil, mar atá leasaithe ag tomhas na maoine infheistíochta agus sócmhainní agus dliteanas airgeadais áirithe ar luach cóir trí bhrabús nó chaillteanas.

Chun na ráitis airgeadais a ullmhú i gcomhréir le CTA 102 is gá úsáid a bhaint as boinn tuisceana lárnacha áirithe maidir leis an todhchaí, agus foinsí eile éiginnteacht meastacháin ar dháta an tuairiscithe. Freisin ceanglaíonn sé ar na Stiúrthóirí a mbreithiúnas a dhéanamh agus beartais chuntasaíochta an chomhlachta á gcur i bhfeidhm. Nochtar i nóta 3 na réimsí ina bhfuil leibhéal níos airde de bhreithiúnas ag teastáil nó réimsí áit a bhfuil baol nach beag ann go gcuirfidh boinn tuisceana agus meastacháin le coigeartú ábhartha ar luach carraeireachta sócmhainní agus dliteanas laistigh den bhliain airgeadais dár gcionn.

Gnóthas leantach

Tar éis fiosruithe a dhéanamh, tá na Stiúrthóirí ag súil go réasúnta go bhfuil dóthain acmhainní ag an gComhlacht le leanúint ar aghaidh i mbun oibriúcháin go ceann i bhfad. Mar sin leanann an Comhlacht ar aghaidh ag glacadh le bonn an ghnóthais leantaigh agus a cuid ráiteas airgeadais á n-ullmhú.

Aithint ioncaim

Déantar ioncam a thomhas ar luach cóir na comaoine a fhaightear nó atá infhaighte agus is ionann é agus an méid atá infhaighte le haghaidh seirbhísí arna soláthar, glan ó thorthaí, lascainí agus lacáistí arna gceadú ag an gComhlacht agus cánacha breisluacha.

Aithníonn an Comhlacht ioncam áit ar féidir méid an ioncaim agus na gcostas a thomhas go hiontaofa; is dócha go rachaidh tairbhí amach anseo chuig an aonán agus nuair a bheidh na critéir comhlíonta a bhaineann le gach ceann de chainéil díolacháin an Chomhlachta, mar a chuirtear síos air thíos.

Dleachtanna Calafoirt:

Eascraíonn Dleachtanna Poirt ó mhuirir ar úsáideoirí poirt agus tá siad déanta suas de dhleachtanna earraí, dleachtanna árthaí agus seirbhísí lárnacha eile a chuirtear ar fáil ar nós tarraingt agus píolótaíochta. Gearrtar Dleachtanna Earraí de réir sceideal muirear atá bunaithe ar Aicmithe Trádála Idirnáisiúnta Caighdeánacha. Gearrtar Dleachtanna Árthaí i dtaobh theacht árthaigh agus tá rátaí bunaithe agus inmhuirir ar ghlantonnáiste nó leath d’olltonnáiste an árthaigh, cibé acu is mó. Is ar bhonn úsáide a ghearrtar muirir as Seirbhísí Tarraingthe agus Píolótaíochta.

Aithnítear Dleachtanna Poirt de réir an dáta ar a thagann an t-árthach isteach sa Phort.

Cíosanna:

Eascraíonn ioncam cíosa go príomha ó mhaoin ar cíos a bhaineann leis an bport agus aithnítear é de réir na tréimhse lena mbaineann an cíos. Is de réir théarmaí an chomhaontú cíosa a ghearrtar cíos.

Ioncam Eile:

I measc ioncaim eile atá cuimsithe i Láimhdeachas tá Táillí Ceadúnais agus ioncam ó Stáisiún Seirbhíse agus Páirc Trucailí comhtháite an Chomhlachta. Eascraíonn ioncam cíosa go príomha ó mhaoin ar cíos a bhaineann leis an bport agus aithnítear é de réir na tréimhse lena mbaineann an cíos.

Ioncam Eile:

Ina theannta sin tuilleann an Chomhlachta ioncam ó ús agus dheontais. Tugtar cuntas i leith gach ceann de na sruthanna ioncaim sin mar atá leagtha amach thíos:

Ioncam Úis:

Aithnítear ioncam úis trí mhodh an ráta úis ghlain. Cuirtear ioncam úis i láthair mar ‘ús infhaighte’ sa Chuntas Brabúis agus Caillteanais.

Ioncam Deontais:

Cuireann an Comhlacht an tsamhail fabhruithe i bhfeidhm agus ioncam deontais á aithint.

Aithnítear deontais a bhaineann le hioncam ar bhonn córasach i gcaitheamh na dtréimhsí ina n-aithníonn an Comhlacht na costais bhainteacha a bhfuil an deontas ceaptha le cúiteamh. Maidir le deontas a thagann chun bheith infhaighte mar chúiteamh as speansais a fulaingíodh cheana féin agus gan aon chostais bhainteacha sa todhchaí i gceist aithnítear mar ioncam é sa tréimhse a thagann sé chun bheith infhaighte.

Aithnítear deontais a bhaineann le sócmhainní in ioncam ar bhonn córasach thar shaol úsáideach measta na sócmhainne. Áit a ndéantar deontas a bhaineann le sócmhainn a iarchur aithnítear mar ioncam iarchurtha é agus ní asbhaintear é de luach carraeireachta na sócmhainne.

Ní aithnítear ioncaim go dtí go bhfuiltear cinnte go réasúnta:

(a) go gcomhlíonfaidh an Comhlacht na coinníollacha a ghabhann leo; agus

(b) go bhfaightear na deontais.

Áit a dtagann deontas chun bheith infhaighte aithnítear mar dhliteanas é nuair a réitíonn an aisíocaíocht leis an sainmhíniú ar dhliteanas.

Sócmhainní seasta inláimhsithe

(i) Costas

Sonraítear sócmhainní seasta inláimhsithe ag costas ar dháta an aistrithe chuig CTA 102, lúide dímheas carntha agus caillteanais charntha i ndáil le lagú, ach amháin maoin infheistíochta an Chomhlachta, a shonraítear ag luach cóir. Féach le do thoil an beartas ar leith maidir le maoin infheistíochta thíos.

Cuimsítear sa chostas an bunchostas ceannaigh, costais atá inchurtha go díreach i leith an tsócmhainn a thógáil chuig a hionad oibre agus chuig an riocht dá húsáid cheaptha, costais díchóimeála agus aisghabhála agus costais iasachta caipitlithe.

Is iad sócmhainní bonneagair ná na sócmhainní sin atá tréithrithe mar shaol úsáideach beagnach gan teorainn a bheith acu agus a tógadh, go ginearálta, roinnt blianta ó shin ach nach cosúil go dtógfaí mar sin sa lá atá inniu ann. Ina measc tá sócmhainní Balla an Bhulla Thuaidh agus Balla an Bhulla Theas. Iompraítear sócmhainní bonneagair ar luach nialais agus gearrtar an costas as a gcothabháil chun an Chuntas Brabúis agus Caillteanais.

(ii) Dímheas agus luachanna iarmharacha

Ríomhtar dímheas ar shócmhainní, agus úsáid á baint as modh na líne dírí, chun an costas a leithdháileadh ar a luachanna iarmharacha thar an saol úsáideach measta mar seo a leanas:

Foirgnimh, céanna, bóithre agus críochfoirt

50 bliain

Struchtúir duga, dugaí tirime agus céanna

30 - 50 bliain

Dreidireacht chaipitil

30 bliain

Árthaí snámha

suas go 30 bliain

Craenacha

suas go 30 bliain

Gléasra agus innealra

2 - 30 bliain

Déantar athbhreithniú ar luachanna iarmharacha agus saol úsáideach na sócmhainní, agus déantar iad a choigeartú, más cuí, ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe. Is ar bhonn ionchasach a thugtar cuntas i leith éifeacht aon athraithe.

(iii) Breiseanna ina dhiaidh sin agus comhpháirteanna móra

Cuimsítear costais ina dhiaidh sin, agus cigireachtaí móra san áireamh, i luach coinneála na sócmhainne nó aithnítear mar shócmhainn ar leith í, más cuí, ach ní dhéantar é sin ach más dócha go sreabhfaidh na tairbhí eacnamaíocha a bhaineann leis an mír chuig an gCuideachta agus gur féidir an costas a thomhas go hiontaofa.

Dí-aithnítear luach carraeireachta aon chomhpháirte a gcuirtear ceann nua ina hionad. Déileáiltear le comhpháirteanna móra mar shócmhainn ar leith má tá patrúin úsáide agus tairbhí eacnamaíochta atá difriúil go leor ag baint leo agus má dhéantar iad a dhímheas ar leith thar a saol úsáideach.

Cláraítear mar chaiteachas costais deisiúcháin, cothabhála agus mionchigireachta de réir mar a fhulaingítear iad.

(iv) Sócmhainní le linn tógála

Is ag costas a iompraítear sócmhainní le linn tógála. Ní dhéantar na sócmhainní sin a dhímheas go mbeidh siad ar fáil le húsáid.

(v) Dí-aithint

Déantar sócmhainní inláimhsithe a dhí-aithint nuair a dhiúscraítear iad nó áit nach bhfuil súil le haon tairbhí eacnamaíocha amach anseo. Nuair a dhiúscraítear sócmhainn, aithnítear an difríocht idir glanfháltais an diúscartha agus an luach carraeireachta i mbrabús nó caillteanas agus cuirtear i “Brabús ar dhiúscairt sócmhainní” é.

Dreidireacht

Déantar dreidireacht chaipitil, a fheabhsaíonn bealach isteach nó bonneagar an Phoirt, a chaipitliú mar chuid den tsócmhainn sheasta ghaolmhar agus déantar é a dhímheas thar a saol úsáideach measta.

Maoin infheistíochta

Déanann an Comhlacht maoin infheistíochta a thomhas ag a costas nuair a aithnítear i dtosach í. Tá an costas as maoin infheistíochta cheannaithe déanta suas dá praghas ceannaigh agus d’aon chostas atá inchurtha díreach ina leith ar nós táillí gairmiúla as seirbhísí dlí, cánacha um aistriú maoine agus costais idirbhirt eile. Cláraítear costais arna bhfulaingt agus staidéir mhargaidh á ndéanamh sula gceannaítear maoin de réir mar a fhulaingítear iad.

Déantar maoin infheistíochta ar féidir a luach cóir a thomhas go hiontaofa gan chostas ná iarracht iomarcach ar luach cóir ar gach dáta tuairiscithe agus aithnítear athruithe ar luach cóir i mbrabús nó caillteanas.

D’fhostaigh an Chuideachta speisialtóirí luachála neamhspleácha chun luach cóir a shainiú ar an 31 Nollaig 2017. Mínítear níos mó i nóta 11 na boinn tuisceana lárnacha a úsáidtear chun luach cóir na maoine infheistíochta a shainiú.

Cé gur gnách go n-éileofaí dímheas córasach bliantúil ar shócmhainní seasta de réir Acht na gCuideachtaí, creideann na Stiúrthóirí go bhfuil gá leis an mbeartas maidir le gan dímheas a sholáthar chun go dtabharfadh na ráitis airgeadais dearcadh fíor agus cóir, ós rud é gurb é luach reatha na maoine infheistíochta, agus athruithe ar a luach, atá ríthábhachtach in ionad dímheas bliantúil córasach a ríomh. Níl i ndímheas ach ceann amháin de na fachtóirí éagsúla atá léirithe sa luacháil bhliantúil, agus ní féidir an méid, a d’fhéadfadh go gcuirfí san áireamh é murach sin, a aithint nó a chainníochtú as féin.

Sócmhainní inláimhsithe

Iompraítear bonneagar ríomhaire ar chostas lúide caillteanais amúchta carntha agus caillteanais lagaithe carntha. Déantar bogearraí a amúchadh thar a saol úsáideach measta, mar atá 10 mbliana, ar bhonn líne dírí. Ní mheastar go bhfuil luach iarmharach ag bogearraí. Áit a dtugann fachtóirí, ar nós dul chun cinn teicneolaíoch nó athruithe ar phraghsanna margaidh, le fios gur athraigh saol úsáideach bogearraí, déantar an saol úsáideach a athrú ar bhonn ionchasach chun na cúinsí nua a léiriú. Déantar sócmhainní seasta inláimhsithe a athbhreithniú um lagú má thugtar le fios go bhféadfadh go lagófaí an tsócmhainn sheasta inláimhsithe.

Lagú sócmhainní neamhairgeadais

Ar dháta gach Clár Comhardaithe déantar sócmhainní neamhairgeadais nach bhfuil á n-iompar ar luach cóir a mheas chun socrú an bhfuil comhartha ann go bhféadfadh go lagófaí an tsócmhainn (nó aonad giniúna airgid na sócmhainne). Má tá a leithéid de chomhartha ann meastar luach inaisghabhála na sócmhainne (nó aonad giniúna airgid na sócmhainne).

Is é luach inaisghabhála na sócmhainne (nó aonad giniúna airgid na sócmhainne) ná luach cóir na sócmhainne lúide costais agus luach úsáide na sócmhainne, cibé acu is airde. Is é an luach úsáide ná luach reatha na sreafaí airgid don todhchaí a meastar go gcinnfidh siad ó úsáid leanúnach na sócmhainne (nó an t-aonad giniúna airgid) agus óna diúscairt sa deireadh. Agus luach úsáide á thomhas déantar sreafaí airgid réamhchánach agus úis a lascainiú agus úsáid á baint as ráta lascaine réamhchánach a léiríonn an ráta margaidh reatha saor ó riosca agus na rioscaí atá sonrach don tsócmhainn ná athraíodh na meastacháin shreabhadh airgid don todhchaí lena haghaidh.

Má mheastar go bhfuil méid inaisghabhála na sócmhainne (nó aonad giniúna airgid na sócmhainne) níos ísle ná an luach carraeireachta, laghdaítear an luach carraeireachta chuig a luach inaisghabhála. Aithnítear caillteanas lagaithe sa chuntas Brabúis agus Caillteanais, ach amháin má rinneadh an tsócmhainn a athluacháil áit a n-aithnítear an méid in aon Ioncam Cuimsitheach eile go méid atá comhionann le haon athluacháil aitheanta roimhe sin. Ina dhiaidh sin aithnítear aon bharrachas i mbrabús nó caillteanas.

Má iompaíonn caillteanas lagaithe sa treo eile ina dhiaidh sin, méadaítear luach carraeireachta na sócmhainne (nó aonad giniúna airgid na sócmhainne) chuig meastachán athbhreithnithe a méid inaisghabhála, ach amháin sa mhéid is nach sáraíonn an luach carraeireachta athbhreithnithe an luach carraeireachta a dhéanfaí a shocrú (glan ó dhímheas) mura n-aithneofaí aon chaillteanas lagaithe i dtréimhsí roimhe sin. Aithnítear iompú chaillteanas lagaithe i dtreo eile sa chuntas Brabúis agus Caillteanais, ach amháin má iompaítear an tsócmhainn ag méid athluacháilte.

Airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim

Cuimsíonn airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim airgead ar láimh, taiscí ar glao le bainc, infheistíochtaí gearrthéarmacha ardleachtachta eile a bhfuil aibíocht bhunaidh trí mhí nó níos lú ag baint leo. Maidir le taiscí bainc a bhfuil dátaí aibíochta tosaigh acu de níos mó ná trí mhí ní airgead ná coibhéisí airgid iad agus cuirtear i láthair iad mar infheistíochtaí sócmhainne reatha.

Airgead srianta

Tá Airgead Srianta déanta suas d’airgead a choimeádtar i gcuntas eascró agus atá imfhálaithe do shocruithe sonrach maoinithe, agus nach bhfuil teacht againn air.

Fardail

ISonraítear fardail ag costas. Is míreanna intomhalta iad fardail agus aithnítear mar speansas iad sa tréimhse ina n-úsáidtear iad.

Áirítear leis an gcostas an costas ceannaigh, agus áit is cuí, dleachtanna ar allmhairí agus costais iompair.

Ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe, déantar measúnú ar shócmhainní um lagú. Má tá mír san fhardal lagaithe, laghdaítear an fardal aitheanta go dtí a mhéid inaisghabhála agus aithnítear muirear lagaithe sa chuntas Brabúis agus Caillteanais. Áit a n-aithnítear cealú laige cealaítear an muirear lagaithe, suas go dtí an caillteanas lagaithe tosaigh, agus aithnítear mar chreidmheas é a chuntas Brabúis agus Caillteanais.

Airgeadraí eachtracha

i) Airgeadra feidhmiúil agus tuairiscithe

Is é airgeadra feidhmiúil agus tuairiscithe an Chomhlachta ná an euro, agus é ainmnithe ag an tsiombail “€” agus mura sonraítear a mhalairt, tá na ráitis airgeadais tuairiscithe sna mílte (‘000).

ii) Idirbhearta agus iarmhéideanna

Aistrítear idirbhearta in airgeadra eachtrach go dtí an t-airgeadra feidhmiúil agus úsáid á baint as rátaí malairte ar an láthair ar dhátaí na n-idirbheart.

Ag deireadh gach tréimhse aistrítear míreanna airgid airgeadra go Euro agus an ráta reatha á úsáid. Aistrítear míreanna neamhairgid arna dtomhas ag costas stairiúil agus úsáid á baint as an ráta malairte ar dháta an idirbhirt agus déantar míreanna neamhairgid arna dtomhas ag luach cóir a thomhas agus úsáid á baint as an ráta malairte a bhí i bhfeidhm nuair a socraíodh an luach cóir.

Aithnítear sa Chuntas Brabúis agus Caillteanais gnóthachain agus caillteanais malairte eachtraí ag eascairt ó shocrú idirbheart agus ón aistriú ag rátaí malairte dheireadh na tréimhse le haghaidh sócmhainní agus dliteanas airgeadais ainmnithe in airgeadraí eachtracha.

Cuirtear gnóthachain agus caillteanais airgeadra eachtraigh a bhaineann le hiasachtaí chomh maith le hairgead agus coibhéisí airgid i láthair sa chuntas Brabúis agus Caillteanais in ‘ús iníoctha/infhaighte’. Cuirtear gach gnóthachan agus caillteanas airgeadra eachtraigh eile i láthair sa chuntas Brabúis agus Caillteanais i ‘speansais riaracháin’.

Sochair fostaithe

Cuireann an Comhlacht réimse sochar ar fáil d’fhostaithe, lena n-áirítear socruithe, lena n-áirítear sochair ghearrthéarmacha fostaí mar shocruithe maidir le saoire íoctha agus sochair iarfhostaíochta ar nós pleananna pinsin le sochair sainithe agus le ranníocaíocht shainithe agus socruithe bliantúla bónais, le haghaidh fostaithe áirithe.

(i) Sochair ghearrthéarmacha

Déantar sochair ghearrthéarmacha, lena n-áirítear pá agus tuarastail, pá saoire agus sochair neamhairgeadais eile dá shamhail a aithint mar chostas sa tréimhse ina mbaintear leas as an tseirbhís.

Feidhmíonn an Comhlacht plean bliantúil bónais le haghaidh fostaithe áirithe. Aithnítear speansas sa chuntas Brabúis agus Caillteanais nuair atá oibleagáid dhlíthiúil nó inchiallaithe reatha ar an gCuideachta íocaíochtaí a dhéanamh faoin bplean mar thoradh ar imeachtaí san am atá thart agus nuair is féidir an oibleagáid a mheas go hiontaofa.

ii) Sochair iarfhostaíochta

Plean ranníocaíochtaí sainithe

Feidhmíonn an Comhlacht plean ranníocaíochta sainithe dá cuid fostaithe. Is é atá i bplean ranníocaíochta sainithe ná plean pinsin faoina n-íocann an Comhlacht ranníocaíochtaí sainithe le haonán ar leithligh. Nuair atá na ranníocaíochtaí íoctha níl aon oibleagáidí íocaíochta eile ar an gCuideachta. Aithnítear na ranníocaíochtaí mar speansas nuair atá siad dlite. Taispeántar méideanna nár íocadh i bhfabhruithe sa Chlár Comhardaithe. Coimeádtar sócmhainní an phlean scartha ón gCuideachta i gcistí a riartar go neamhspleách.

Plean pinsin le sochair sainithe

Feidhmíonn an Comhlacht plean sochair sainithe d’fhostaithe áirithe. Faoi phlean sochair sainithe, sainítear an sochar pinsin a gheobhaidh fostaí nuair a rachaidh siad ar scor, rud a bhraitheann de ghnáth ar fhachtóirí éagsúla ar nós aoise, fad seirbhíse agus luach saothair. Is é atá i bplean sochair sainithe ná plean pinsin nach plean ranníocaíochta sainithe é. Is é an dliteanas a aithnítear sa Chlár Comhardaithe i dtaobh an phlean sochair sainithe ná luach reatha an oibleagáid sochair sainithe ag deireadh an dáta tuairiscithe lúide luach cóir shócmhainní an phlean ar an dáta tuairiscithe.

Déantar an oibleagáid sochair sainithe a ríomh agus úsáid á baint as modh na n-aonad réamh-mheasta creidmheasa. Fostaíonn an Comhlacht achtúirí neamhspleácha gach bliain chun an oibleagáid a ríomh. Socraítear an luach reatha trí na híocaíochtaí measta don todhchaí a lascainiú agus úsáid á baint as torthaí margaidh ar bhannaí corparáideacha ardchaighdeáin atá ainmnithe in Euro agus a bhfuil téarmaí ag gabháil leo atá isteach is amach le tréimhse mheasta na n-íocaíochtaí sa todhchaí.

Déantar luach cóir an phlean a thomhas i gcomhréir leis an ordlathas luacha chóir faoi CTA 102 agus de réir bheartas an Chomhlachta do shócmhainní cosúil leis atá á coimeád aici. Maidir leis an gcuid is mó de shócmhainní plean is ionann é sin agus an praghas luaite i margadh gníomhach. Áit nach bhfuil praghsanna luaite ar fáil baintear úsáid as teicnící cuí um luacháil chun an luach cóir a mheas.

Tá costas an phlean sochair sainithe, atá aitheanta i mbrabús nó caillteanas mar chostais fostaí, ach amháin áit a bhfuil sé cuimsithe i gcostas sócmhainne, déanta suas mar seo a leanas:

(a) an méadú ar dhliteanas sochair phinsin ag eascairt ó sheirbhís an fhostaí le linn na tréimhse; agus

(b) an costas as tabhairt isteach an phlean, athruithe ar shochair, ciorrúcháin agus socraíochtaí.

Déantar an glanchostas úis a ríomh agus an ráta lascaine á chur i bhfeidhm ar ghlanmhéid an oibleagáid sochair sainithe agus luach cóir shócmhainní plean. Aithnítear an costas sin i mbrabús nó caillteanas mar ‘costas airgeadais eile’.

Maidir le gnóthachain agus caillteanais achtúireacha ag eascairt ó choigeartuithe agus athruithe taithí ar bhoinn tuisceana achtúireacha cuirtear de mhuirear nó chun sochar Ioncaim Chuimsithigh Eile iad. Cuirtear na méideanna sin i dteannta leis an toradh ar shócmhainní plean, lúide méideanna curtha san áireamh i nglanús, i láthair mar ‘atomhas ar ghlandliteanas sochair sainithe’ in Ioncam Cuimsitheach Eile.

Cánachas

Cuimsítear sa chostas cánachais le haghaidh na tréimhse an cháin reatha agus an cháin iarchurtha arna n-aithint sa tréimhse tuairiscithe. Aithnítear cáin sa chuntas Brabúis agus Caillteanais, ach amháin sa mhéid is a bhaineann sí le míreanna aitheanta in Ioncam Cuimsitheach eile nó go díreach i gcothromas. Sa chás sin, aithnítear an cháin freisin san ioncam cuimsitheach eile nó ar bhonn díreach sa chothromas faoi seach.

Ní dhéantar lascainiú ar shócmhainní agus dliteanais cánachais reatha ná iarchurtha.

(i) Cáin reatha

Is ionann an cháin reatha agus an méid cánach ioncaim is iníoctha ar an mbrabús inchánach don bhliain nó do bhlianta roimhe sin. Déantar an cháin a thomhas ar bhonn rátaí cánach agus dlíthe cánach atá achtaithe nó achtaithe go substaintiúil faoi dheireadh na tréimhse. Déanann an lucht bainistíochta measúnú tréimhsiúil ar sheasaimh arna nglacadh i dtuairisceáin chánach i leith cásanna ina bhfuil an rialachán cánach is infheidhme faoi réir léirmhínithe. Nuair is cuí, bunaíonn siad soláthair ar bhonn na méideanna a mheastar a íocfar leis na húdaráis chánach.

(ii) Cáin iarchurtha

Eascraíonn an cháin iarchurtha as na difríochtaí uainiúcháin, arb iad na difríochtaí idir na brabúis inchánacha agus an t-ioncam cuimsitheach iomlán mar atá luaite sna ráitis airgeadais. Eascraíonn na difríochtaí uainiúcháin sin ó chuimsiú ioncaim agus costas sna measúnachtaí cánach i dtréimhsí seachas na cinn ina n-aithnítear iad sna ráitis airgeadais.

Aithnítear cáin iarchurtha ar na difríochtaí uainiúcháin go léir ag an dáta tuairiscithe faoi réir eisceachtaí áirithe. Ní aithnítear caillteanais chánach neamhfhaoisimh ná sócmhainní cánach iarchurtha eile ach amháin nuair is dócha go ndéanfar iad a aisghabháil i gcoinne aisiompú dliteanas cánach iarchurtha nó brabús eile inchánach sa todhchaí.

Déantar an cháin iarchurtha a thomhas de réir rátaí cánach agus dlíthe cánach atá achtaithe nó achtaithe go substaintiúil faoi dheireadh na tréimhse agus a mheastar a bheith infheidhme i leith aisiompú na difríochta uainiúcháin.

Míreanna eisceachtúla

I ráiteas ioncaim an Chomhlachta aithnítear míreanna eisceachtúla astu féin. Is é atá i míreanna eisceachtúla ná iad siúd nach mór, dar linn, iad a nochtadh astu féin mar gheall ar a méid, a nádúr nó minicíocht. Creideann an Comhlacht gur féidir anailís bhreise a dhéanamh nuair a dhéantar an saghas sin cur i láthair mar go dtarraingítear aird ar mhíreanna eisceachtúla. I measc na míreanna sin tá gnóthachain ar dhiúscairt sócmhainní agus costais as athstruchtúrú gnó sa mhéid is go bhfuil siad suntasach.

Chuige sin úsáidtear fachtóirí cáilíochtúla agus cainníochtúla chun ‘míreanna eisceachtúla’ a shocrú de réir mar a shainíonn muid féin iad. Úsáideann an Comhlacht breithiúnas chun na míreanna áirithe a mheas, atá nochta i ráiteas ioncaim an Chomhlachta agus i nótaí bainteacha mar mhíreanna eisceachtúla, mar gheall ar a méid, a nádúr agus a minicíocht.

Athaicmiú

Rinneadh méideanna ábhartha áirithe ón mbliain roimhe a athaicmiú chun iad a ailíniú le cur i láthair na míreanna sin sa tréimhse reatha.

Ionstraimí airgeadais

Tá roghnaithe ag an gCuideachta Alt 11 agus 12 de CTA 102 a ghlacadh maidir le hionstraimí airgeadais.

(i) Sócmhainní airgeadais

Aithnítear sócmhainní bunúsacha airgeadais, lena n-áirítear trádáil agus infháltais eile, airgead tirim agus iarmhéideanna bainc agus éarlaisí gearrthéarmacha, aithnítear iad ó thús ar phraghas an idirbhirt, ach amháin más idirbheart maoiniúcháin é an socrú, i gcás go dtomhaistear an t-idirbheart ar luach reatha na bhfáltas amach anseo agus lascainiú déanta air ar ráta ús margaidh.

Déantar a leithéid de shócmhainní a thabhairt ar aghaidh ina dhiaidh sin ar chostas amúchta, agus modh an úis ghlain á úsáid.

Ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe, déantar measúnú ar shócmhainní airgeadais a tomhaiseadh ar chostas amúchta le haghaidh fianaise oibiachtúil bearnúcháin. Má tá an tsócmhainn bearnaithe, is ionann an caillteanas bearnúcháin agus an difríocht idir an luach tugtha ar aghaidh agus luach reatha na sreafaí measta airgid thirim a bhfuil lascainiú déanta orthu ar ráta bunaidh úis ghlain na sócmhainne. Aithnítear an caillteanas lagaithe mar bhrabús nó caillteanas.

Más amhlaidh, i mbliain airgeadais ina dhiaidh sin, go laghdaítear méid chaillteanas lagaithe agus gur féidir ceangal oibiachtúil a dhéanamh idir an laghdú agus imeacht a tharla tar éis gur aithníodh an lagú cealaítear an caillteanas lagaithe a aithníodh roimhe sin. Bíonn an oiread freaschuir i gceist nach sáraíonn an tsuim ghlanluacha reatha an méid a bheadh sa tsuim ghlanluacha mura mbeadh an bearnú aitheanta roimhe seo. Aithnítear an freaschur lagaithe mar bhrabús nó mar chaillteanas.

Déantar sócmhainní airgeadais a dhí-aithint nuair atá (a) na cearta conarthacha i leith na sreafaí airgid ón tsócmhainn tar éis dul in éag nó socraithe, nó (b) nuair a aistrítear na rioscaí agus luaíochtaí go léir a bhaineann le húinéireacht an tsócmhainn airgeadais go substainteach go páirtí eile nó (c) nuair a aistrítear rialú an tsócmhainn airgeadais go páirtí eile a bhfuil sé de chumas praiticiúil aige/aici an tsócmhainn a dhíol go haontaobhach le tríú páirtí neamhghaolmhar gan srianta breise a chur i bhfeidhm.

(ii) Dliteanais airgeadais

Aithnítear sócmhainní bunúsacha airgeadais, lena n-áirítear trádáil, infháltais eile agus iasachtaí bainc; aithnítear iad ó thús ar phraghas an idirbhirt, ach amháin más idirbheart maoiniúcháin é an socrú, i gcás go dtomhaistear an ionstraim féich ar luach reatha na bhfáltas amach anseo agus lascainiú déanta air ar ráta ús margaidh le haghaidh ionstraim fiachais den chineál céanna.

Déantar na dliteanais sin a thabhairt ar aghaidh ina dhiaidh sin ar chostas amúchta, agus modh an ráta úis ghlain á úsáid.

Aithnítear táillí a íoctar ar bhunú saoráidí iasachtaí mar chostais idirbhirt na hiasachta sa mhéid is gur dócha go mbeidh cuid den tsaoráid nó í go léir tarraingthe anuas. Sa chás seo, tá an táille iarchurtha go dtí go dtarlóidh an tarraingt anuas. Déantar costais agus táillí idirbhirt a amúchadh thar shaol na hiasachta.

Is oibleagáidí iad méideanna iníoctha trádála íoc as earraí nó seirbhísí atá faighte sa ghnáthchúrsa gnó ó sholáthraithe. Aicmítear cuntais iníoctha mar dhliteanais reatha má tá an íocaíocht dlite taobh istigh de bhliain amháin nó níos lú. Mura bhfuil, léirítear iad mar dhliteanais neamhreatha. Aithnítear méideanna iníoctha trádála ar dtús ar phraghas idirbhirt agus tomhaistear iad ina dhiaidh sin ar chostas amúchta trí mhodh an úis ghlain.

Déantar dliteanais airgeadais a dhí-aithint nuair a chuirtear deireadh leis an dliteanas, is é sin, nuair a dhíscaoiltear an oibleagáid chonarthach, nuair a chuirtear ar ceal í nó nuair a théann sí in éag.

iii) Díorthaigh

Ní ionstraimí airgeadais bunúsacha iad díorthaigh, agus malairtí ráta úis agus réamhchonarthaí i malairt eachtrach san áireamh.

Aithnítear díorthaigh ar dtús ag luach cóir ar an dáta a dtéitear isteach i gconradh díorthaigh agus ina dhiaidh sin déantar iad a atomhas ag a luach cóir. Aithnítear athruithe ar luach cóir díorthach i mbrabús nó caillteanas i gcostais airgeadais nó ioncaim mar is cuí. Ní chuireann an Comhlacht cuntasaíocht fálaithe i bhfeidhm faoi láthair i gcás dhíorthaigh ráta úis nó malairte eachtraí.

iv) Fritháireamh

Déantar sócmhainní agus dliteanais airgeadais a fhritháireamh in éineacht leis na glanmhéideanna atá curtha i láthair sna ráitis airgeadais nuair atá ceart in-fheidhmithe ann na méideanna aitheanta a fhritháireamh agus go bhfuil intinn ann socrú a dhéanamh ar ghlanbhunús nó an tsócmhainn a réadú agus socrú dliteanais a dhéanamh ag an am céanna.

Soláthairtí agus teagmhais

Is é atá i soláthairtí ná dliteanais nach bhfuil am ná méid cinnte ag gabháil leo.

Aithnítear soláthairtí nuair a bhíonn oibleagáid dlí nó oibleagáid inchiallaithe reatha ar an gcuideachta de thoradh teagmhas a tharla roimhe seo, is dóchúil go mbeidh aistriú tairbhí eacnamaíocha ag teastáil chun an oibleagáid a shocrú agus is féidir méid na hoibleagáide a mheas go hiontaofa.

Déantar soláthairtí a thomhas ag luach reatha an mheastacháin is fearr ar an méid a theastaíonn chun an oibleagáid a shocrú agus úsáid á baint as ráta réamhchánach a léiríonn measúnuithe reatha an mhargaidh ar luach ama an airgid agus na rioscaí atá sonrach don dliteanas. Déantar soláthairtí a athbhreithniú ag deireadh gach bliana airgeadais agus déantar coigeartú orthu chun go léireofaí an meastachán reatha is fearr ar an méid a theastaíonn chun an oibleagáid a shocrú. Aithnítear leachtú na lascaine mar chostas airgeadais i mbrabús nó caillteanas, agus é curtha i láthair mar chuid de ‘ús iníoctha agus muirir chosúla’ sa bhliain airgeadais ina dtagann sé chun cinn.

Nuair atá roinnt oibleagáidí comhchosúla ann, cinntear an dóchúlacht go mbeidh gá le heis-sreabhadh mar shocrú, cinntear é trí aicme na n-oibleagáidí a bhreithniú ina hiomláine.

I gcás na ndliteanas teagmhasach a eascraíonn de thoradh nithe a tharla roimhe seo, ní aithnítear mar dhliteanas iad mar ní dócha go mbeidh ar an gcuideachta tairbhí eacnamaíocha a aistriú chun an oibleagáid a shocrú nó nach mbeifear in ann an méid a thomhas go hiontaofa ag deireadh na bliana. Aithnítear oibleagáidí féideartha ach éiginnte mar dhliteanais ach is dliteanais teagmhasacha iad. Nochtar dliteanais theagmhasacha sna ráitis airgeadais ach amháin mura dócha in aon chor go dtarlóidh eis-sreabhadh acmhainní.

Ní aithnítear sócmhainní teagmhasacha. Nochtar sócmhainní teagmhasacha sna ráitis airgeadais nuair is dócha go dtarlóidh insreabhadh tairbhí eacnamaíocha.

Dáileadh ar shealbhóirí gnáthscaireanna

Aithnítear díbhinní agus dáileadh eile ar scairshealbhóirí an Chomhlachta mar dhliteanas sna ráitis airgeadais le linn na tréimhse ina bhfaomhann scairsealbhóirí an Chomhlachta díbhinní agus dáileadh eile. Aithnítear na méideanna sin sa ráiteas mar athruithe ar chothromas. Aithnítear díbhinní eatramhacha nuair a íoctar iad.

Scairchaipiteal

Aicmítear gnáthscaireanna mar chothromas agus aithnítear iad ag na fáltais arna bhfáil. Maidir le costais incriminteacha atá inchurtha go díreach i leith cheist na ngnáthscaireanna nó na roghanna nua taispeántar i gcothromas iad mar dhéaduchtú, glan ó cháin, ó na fáltais.