23. Scairchaipiteal agus Cúlchistí


2017

€’000

2016

€’000




Amúchta



96.5m gnáthscair de €1.25 in aghaidh an duine

120,625

120,625




Cionroinnte, tarraingthe anuas agus íoctha go hiomlán – léirithe mar chothromas



11.571m gnáthscair de €1.25 in aghaidh an duine

14,464

14,464

Tá aicme amháin ann de ghnáthscaireanna. Níl aon srianta ar dháileadh díbhinní ná aisíoc caipitil. Tá cearta vótála comhionanna agus díbhinní ranga ag gabháil le gach scair sa mhéid is go bhfuil an méid iomlán ar gach scair íoctha.

Cúlchistí

Tá an t-iarmhéid oscailte, an t-iarmhéid deiridh agus na gluaiseachtaí ar gach cúlchiste leagtha amach sa Ráiteas faoi Athruithe ar Chothromas. Tá cur síos ar gach cúlchiste tugtha thíos.

Scairchaipiteal glaoite

Tá scairchaipiteal glaoite údaraithe an Chomhlachta déanta suas de ghnáthscaireanna.

Cúlchiste um thiontú caipitil

Rinneadh gnáthscaireanna an Chomhlachta a athainmniú ó €1.269738 in aghaidh an cheann go €1.25 in aghaidh an cheann i 2001 agus aistríodh an méid faoinar laghdaíodh scairchaipiteal eisithe an Chomhlachta chuig ciste ar a dtugtar an Cúlchiste um Thiontú Caipitil.


2017

€’000

2016

€’000




Cúlchiste um thiontú caipitil

119

119

Ranníocaíocht chaipitiúil

Ar an 12 Iúil 2011, mar a ceadaíodh ag na hAchtanna Cuanta, 1996 go 2009, d’ordaigh an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt go n-aistreofaí feidhmeanna Chomhlacht Calafoirt Dhún Dealgan chuig an gComhlacht. Rinneadh na sócmhainní agus dliteanais arna dtógáil ar láimh ag an gComhlacht mar thoradh ar an Ordú Aire sin a thaifeadadh ag a luachanna córa ar an dáta sin. Aithníodh méid comhfhreagrach mar Ranníocaíocht Chaipitiúil i gCistí Scairshealbhóra chun léiriú go meastar go bhfuil na sócmhainní arna bhfáil agus na dliteanais arna nglacadh comhionann le ranníocaíocht ó phríomh-scairshealbhóir an Chomhlachta.


2017

€’000

2016

€’000




Ranníocaíocht chaipitiúil

718

718