22. Soláthairtí i gcoinne Dliteanas
Bhí na dliteanais cánach iarchurtha seo a leanas ag an gComhlacht i rith na bliana:
2017 €’000 | 2016 €’000 | |
Ar 1 Eanáir | (7,436) | (6,954) |
Breiseanna a déileáladh leo i mbrabús agus caillteanas | (1,242) | (1,477) |
Breiseanna a déileáladh leo in ioncam cuimsitheach eile | (4,357) | 995 |
Ar 31 Nollaig | (13,035) | (7,436) |
2017 €’000 | 2016 €’000 | |
€’000 | €’000 | |
Léirithe mar: | ||
Dliteanais cánach iarchurtha laistigh de sholáthairtí i gcoinne dliteanas | (13,035) | (7,436) |
Tá an soláthar um cháin iarchurtha déanta suas de na sócmhainní/(dliteanais) cánach iarchurtha seo a leanas:
2017 €’000 | 2016 €’000 | |
Scéim Pinsin le sochair sainithe | (6,324) | (1,387) |
Dliteanais airgeadais díorthaigh | - | 19 |
Difríochtaí trátha eile | 44 | 44 |
Liúntais chaipitiúla luasaithe | (6,755) | (6,112) |
(13,035) | (7,436) |
Níor aithníodh sócmhainní cánach iarchurtha de €0.3m (2016: €0.3m) i dtaobh caillteanas caipitiúil ar an mbunús nach dócha go bhfaighfear ar ais an sochar ó na caillteanais chánach sin.