3. Breithiúnais chriticiúla agus meastacháin arna ndéanamh agus beartais chuntasaíochta an Chomhlachta á gcur i bhfeidhm

Déantar measúnú leanúnach ar mheastacháin agus breithiúnais agus bíonn siad bunaithe ar thaithí stairiúil agus tosca eile, lena n-áirítear imeachtaí sa todhchaí a bhfuiltear ag súil leo, a mheastar a bheith réasúnta sa chás áirithe sin.

Déanann an Comhlacht meastacháin agus glacann le boinn tuisceana maidir leis an todhchaí. Is annamh a bheidh na meastacháin chuntasaíochta a thagann chun cinn, faoi mar a thuigfí, comhionann leis na torthaí iarbhír gaolmhara. Pléitear thíos leis na meastacháin agus boinn tuisceana áit a bhfuil baol mór i gceist go mbeidh siad freagrach as coigeartú ábhartha ar mhéideanna carraeireachta sócmhainní agus dliteanas laistigh de bhliain airgeadais dár gcionn:

(i) Saol úsáideach eacnamaíoch na sócmhainní inláimhsithe seasta

Is féidir leis an muirear dímheasa bliantúil le haghaidh sócmhainní inláimhsithe athrú de réir athruithe ar shaol eacnamaíoch úsáideach measta agus luachanna iarmharacha na sócmhainní. Déantar saol eacnamaíoch úsáideach agus luachanna iarmharacha a athmheasúnú gach bliain agus a leasú más gá. Féach nóta 11 le haghaidh méid carraeireachta sócmhainní inláimhsithe an Chomhlachta agus na Beartais Chuntasaíochta le haghaidh an tsaoil eacnamaíoch úsáidigh i gcás gach aicme sócmhainne.

(ii) Scéim pinsin le sochair sainithe

Tá sé mar oibleagáid ar an gComhlacht sochair phinsin le fostaithe áirithe. Braitheann costas na sochar sin agus luach reatha na hoibleagáide ar roinnt fachtóirí, a bhfuil ina measc; ionchas saoil, méaduithe ar thuarastail, luachálacha sócmhainne agus an ráta lascaine ar bhannaí corparáideacha. Déanann an lucht bainistíochta na fachtóirí sin a mheas chun an ghlanoibleagáid pinsin sa Chlár Comhardaithe a mheas. Léiríonn na boinn tuisceana taithí san am atá thart agus treochtaí reatha. Féach nóta 31 le haghaidh na nochtuithe maidir leis an scéim pinsin le sochair sainithe.