13. Talamh Forbartha

Chuaigh an Comhlacht isteach i gComhaontúden dáta an 6 Iúil 1999 le Earlsfort East Point agus Eastpoint (Development) Two Ltd. (“an Forbróir”), le haghaidh forbartha déanta suas de thart ar 14 acra de thalamh in aice le Forbairt Ionad Gnó an Phointe Thoir Céim I.

Ar 31 Nollaig 2016, tá infháltas de €1.246m fós gan íoc maidir leis na trí láithreán talún (a chuimsíonn beagnach 6 acra de thalamh) atá faoi réir an tsocraithe sin. Creideann na Stiúrthóirí go bhfuil luach carraeireachta na talún sin inaisghabhála go hiomlán ar an 31 Nollaig 2016.

I dteannta le comaoin as an talamh a díoladh, tá an Comhlacht i dteideal comaoine eile arna ríomh ar bhonn sciar de na glanbhrabúis arna réadú ar dhíolachán maoine forbartha ag Eastpoint (Development) Two Ltd.

Aithneofar an chomaoin faoin gcomhaontú sin sna ráitis airgeadais sa tréimhse ina réadófar ag Comhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath é. Níor aithníodh aon chomaoin i rith na bliana (2016: NIALAS).

Tá an Comhlacht i mbun plé leis an bhforbróir faoi láthair agus é mar aidhm an t-amfhráma a thabhairt chun críche ó thaobh na comaoine i dtaobh talún agus aon chomaoin bhreise le fáil ar dhíolachán deireanach na maoine ábhartha.