Tuarascáil na Stiúrthóirí

Cuireann na Stiúrthóirí i láthair a dTuarascáil Bhliantúil mar aon le ráitis airgeadais iniúchta na Cuideachta don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2017.

Freagracht na Stiúrthóirí as na Ráitis Airgeadais

Tá na Stiúrthóirí freagrach as tuarascáil na Stiúrthóirí agus na ráitis airgeadais a ullmhú i gcomhréir le dlí na hÉireann.

Faoi dhlí na hÉireann, éilítear ar na Stiúrthóirí ráitis airgeadais a ullmhú le haghaidh gach bliana airgeadais a thugann léargas fíor agus cóir ar shócmhainní, ar dhliteanais agus ar staid airgeadais na Cuideachta ag deireadh na bliana airgeadais, agus ar bhrabús nó caillteanas na Cuideachta don bhliain airgeadais. Faoin dlí sin, tá ráitis airgeadais ullmhaithe ag na Stiúrthóirí i gcomhréir leis an gCleachtas Cuntasaíochta a bhfuil Glacadh Leis go Ginearálta in Éirinn (caighdeáin chuntasaíochta arna n-eisiúint ag Comhairle um Thuairisciú Airgeadais RA, lena n-áirítear an Caighdeán um Thuairisciú Airgeadais (FRS) 102, arb é an caighdeán um thuairisciú airgeadais atá infheidhme sa RA agus i bPoblacht na hÉireann, agus atá curtha i bhfeidhm ag Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn agus ag dlí na hÉireann).

Faoi dhlí na hÉireann, ní fhaomhfaidh na Stiúrthóirí na ráitis airgeadais ach amháin más rud é go bhfuil siad sásta go dtugann siad léargas fíor agus cóir ar shócmhainní, ar dhliteanais agus ar staid airgeadais na Cuideachta ag deireadh na bliana airgeadais, agus ar bhrabús nó caillteanas na Cuideachta don bhliain airgeadais.

Le linn do na ráitis airgeadais sin a bheith á n-ullmhú, éilítear ar na Stiúrthóirí:

  • polasaithe cuí cuntasaíochta a roghnú agus na polasaithe sin a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach;
  • breithiúnais agus meastacháin a dhéanamh atá réasúnta agus stuama;
  • a shonrú cibé ar ullmhaíodh na ráitis airgeadais i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme agus na caighdeáin sin a aithint, faoi réir aon imeachtaí ábhartha ó na caighdeáin sin a bheith nochta agus mínithe sna nótaí a ghabhann leis na ráitis airgeadais; agus
  • na ráitis airgeadais a ullmhú ar bhonn an ghnóthais leantaigh ach amháin má tá sé míchuí glacadh leis go leanfaidh an Chuideachta i mbun gnó.

Tá na Stiúrthóirí freagrach as taifid leordhóthanacha chuntasaíochta a choimeád, ar leor iad:

  • chun idirbhearta na Cuideachta a thaifeadadh agus a mhíniú i gceart;
  • chun sócmhainní, dliteanais, staid airgeadais agus brabús nó caillteanas na Cuideachta a fháil amach ag aon am agus le cruinneas réasúnta; agus
  • chun a chur ar chumas na Stiúrthóirí deimhin a dhéanamh de go gcloíonn na ráitis airgeadais le hAcht na gCuideachtaí 2014 agus chun na ráitis airgeadais sin a chur ar fáil i gcomhair iniúchta.

Chomh maith leis sin, tá na Stiúrthóirí freagrach as sócmhainní na Cuideachta a chosaint agus, mar sin, as bearta réasúnta a dhéanamh chun calaois agus mírialtachtaí eile a bhrath agus a chosc.

Tá na Stiúrthóirí freagrach as an bhfaisnéis chorparáideach agus airgeadais atá ar láithreán gréasáin na Cuideachta a chothabháil, agus tá siad freagrach freisin as sláine na faisnéise sin. D’fhéadfadh difríochtaí a bheith ann idir an reachtaíocht Éireannach lena rialaítear ullmhú agus scaipeadh ráiteas airgeadais agus an reachtaíocht chéanna i ndlínsí eile.

Stádas Dlíthiúil

Cuideachta Gníomhaíochta Sainithe faoi theorainn scaireanna is ea Comhlacht Chalafort Átha Cliath, a bunaíodh í faoi reacht de bhun an Acht Cuanta, 1996 agus atá ionchorpraithe in Éirinn. An 3 Márta 1997, cuireadh an Chuideachta in ionad Bhord Poirt agus Duganna Bhaile Átha Cliath, an t-eintiteas reachtúil a bhí freagrach roimhe sin as Port Bhaile Átha Cliath. An dáta sin, ghlac Comhlacht Chalafort Átha Cliath ceannas ar fheidhmeanna an Bhoird agus fuair sí seilbh ar a shócmhainní agus dliteanais ag na luachálacha a comhaontaíodh leis an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha a bhí ann ag an am. Ag cuimhneamh ar na sócmhainní agus dliteanais, d’eisigh an Chuideachta scairchaipiteal de €7.648m chuig an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha a bhí ann ag an am.

Le héifeacht ón 26 Iúil 1997, rinneadh údarás píolótaíochta Bhá Bhaile Átha Cliath den Chuideachta.

Le héifeacht ón 1 Eanáir 2006, aistríodh freagracht as Earnáil na bPort Tráchtála ón Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha go dtí an t-Aire Iompair.

An 12 Iúil 2011, d’aistrigh an tAire Iompair sócmhainní agus dliteanais Chuideachta Poirt Dhún Dealgan chuig Comhlacht Chalafort Átha Cliath faoi Uimh. I.R. 361 de 2011.

Príomhghníomhaíochtaí

Is é cuspóir gnó Comhlacht Chalafort Átha Cliath ná éascaíocht a dhéanamh ar ghluaiseacht earraí agus daoine, agus ar shreafaí faisnéise baintí, tríd an bPort.

Cuireann an Chuideachta an bonneagar, na háiseanna, na seirbhísí agus an talamh a bhfuil dromchla crua air, ar fáil chun riachtanais na gcustaiméirí a chomhlíonadh maidir le haistriú éifeachtúil earraí agus paisinéirí idir na móid talún agus iompair ar muir.

Gintear ioncam, maidir leis na háiseanna sin a chur ar fáil, ó na nithe seo a leanas: dleachtanna soithigh, dleachtanna earraí, cíos agus na príomhsheirbhísí a chuirtear ar fáil, amhail tarraingt agus píolótaíocht.

Taifid Chuntasaíochta

Is iad na bearta atá glactha ag na Stiúrthóirí chun comhlíonadh a ráthú maidir le hoibleagáid na Cuideachta taifid leordhóthanacha chuntasaíochta a choimeád ná córais agus nósanna imeachta cuí a úsáid agus daoine inniúla a fhostú. Coimeádtar na taifid chuntasaíochta in oifig chláraithe na Cuideachta, Lárionad an Phoirt, Bóthar Alexandra, Baile Átha Cliath 1.

Athbhreithniú Gnó

Tá mionsonraí faoi bhrabús na bliana, mar aon le suimeanna comparáideacha le haghaidh 2016, leagtha amach sa Chuntas Brabúis agus Caillteanais agus sna nótaí gaolmhara. Tá Príomhtháscairí Feidhmíochta Airgeadais an ghnóthais leagtha amach thíos agus san Athbhreithniú ón bPríomhfheidhmeannach.

Bhí an tréchur 4.3% níos airde ná 2016 ag 36.4 milliún tona (2016: 34.9 milliún tona). D’fhás onnmhairí 4.9% in 2016 go dtí 14.9 milliún tona (2016: 14.2 milliún tona) agus d’fhás allmhairí 3.9% go dtí 21.5 milliún tona (2016: 20.7 milliún tona).

Ba é €85.5m láimhdeachas na bliana, méadú 4.7% ar an mbliain roimhe (2016: €81.6m).

Bhí €40.9m ar chostais oibriúcháin iomlána in 2017, sin méadú 11.7% ar an mbliain roimhe 2016 (2016: €36.6m). Tháinig méadú €.2.7m ar chostais pinsin go príomha de bharr an sochar seirbhíse roimhe in 2016 a tháinig as an tobhach pinsin. Tháinig méadú €0.6m ar chostais phárolla a tháinig as méadú ar na daoine atá fostaithe mar aon le méadú pá a bhí curtha i bhfeidhm in 2017. Tháinig méadú €1.0m ar chostais eile nach bhfuil baint acu le pá, a tháinig go príomha as táillí gairmiúla méadaithe agus muirir dhímheasa méadaithe.

Tháinig méadú €46.5m ar Bhrabús Oibriúcháin in 2017 ó €45.6m in 2016 mar thoradh ar Chorrlach Oibriúcháin de 54.4% (2016: 55.8%).

Leis an méadú ar chostais mhaoinithe pinsin fágtha ar lár (bhí tionchar orthu de bharr an creidmheas seirbhíse roimhe seo in 2016), tháinig méadú €3.6m (7.9%) ar bhunleibhéal brabúis ar an mbliain roimhe.

Ba iad na glanchostais oibriúcháin ná €0.2m (2016: €0.5m). Is ionann an Glanioncam Airgeadais agus €254k (2016: €414k).

Ba iad na glanmhuirir úis (gan ghlan-ús ar scéimeanna pinsean a bheith curtha san áireamh) ná €0.4m (2016: €0.9m) agus tá clúdach úis na Cuideachta 110 huaire (2016: 54 uair), bunaithe ar Bhrabús roimh Ús agus Cáin, níos mó ná na glanmhuirir úis. Tháinig laghdú €3.0m ar airgead glan in 2016 go dtí €37.9m de ghlanfhiachas in 2017, léirítear leis seo na hinfheistíochtaí bonneagair suntasacha déanta i rith na bliana. Comhlíonann an Chuideachta leis na cúnaint go léir maidir lena saoráidí iasachta.

Bá é €40.6m an brabús don bhliain airgeadais, sin méadú 3.9% ar an mbliain roimhe, (2016: €39.0m).

Tháinig méadú ar an Ioncam Brabúis agus Caillteanais ó €334.3m ag 31 Nollaig 2016 go dtí €393.7m ag 31 Nollaig 2017 agus tháinig méadú ar Chistí na nGeallsealbhóirí ó €349.6m go dtí €409.0m le linn na tréimhse céanna.

Tá tréchur sprice de 38.1 milliún tona ag an gCuideachta le haghaidh 2018. Baineadh tréchur de 36.4 milliún tona amach in 2017, sin 0.6% níos mó ná an 36.2 milliún tona a bhí buiséadaithe.

Rioscaí agus Éiginnteachtaí Príomha

Baineann ceann de na príomhéiginnteachtaí, a aithníodh i dtuarascálacha roimhe seo, le hacmhainn na Cuideachta cumas a sholáthar sa mhargadh. I mí Eanáir 2012, ghlac an Chuideachta leis an Máistirphlean 2012-2040 i ndiaidh próisis fhorleathain um chomhairliúchán poiblí, rannpháirteachas le páirtithe leasmhara agus measúnú comhshaoil. Tá fís sa Mháistirphlean faoi conas Port Bhaile Átha Cliath a fhorbairt chun freastal ar mhéadú faoi dhó ar líonta an phoirt atáthar ag súil leis go dtarlóidh sé thar 30 bliain ó 2010 go dtí 2040. Cuirtear treoir straitéiseach ar fáil ann faoi úsáid talún i bPort Bhaile Átha Cliath agus aithnítear ann gur rud tábhachtach é an úsáid is fearr a bhaint as acmhainn ghann talún agus cé, nach mór pleanáil go cúramach ina leith agus Port Bhaile Átha Cliath á fhorbairt amach anseo.

Cuireadh tús in 2016 leis an obair tógála ar Thionscadal Athfhorbartha Bháisín Alexandra tar éis don chead pleanála riachtanach a fháil ó Bhord Pleanála i mí Iúil 2015, agus do na ceadanna breise a fháil in 2016 maidir le Ceadúnas Urthrá, Ceadúnas um Dhumpáil ar Muir agus Ceadúnas um Threoir na nAstaíochtaí Tionsclaíocha. Cuirfear ar fáil mar chuid den tionscadal sin timpeall trian amháin de na roghanna forbartha bonneagraí a aithníodh ar dtús sa Mháistirphlean. Caithfear na ceadanna riachtanacha pleanála agus comhshaoil a fháil ar dtús chun roghanna breise forbartha a sholáthar.

I mí Eanáir 2017, sheol an Chuideachta athbhreithniú ar an Máistirphlean agus chuir sí tús le próiseas comhairliúcháin phoiblí i dtaca leis seo. Tá sé beartaithe an t-athbhreithniú a úsáid chun roghanna forbartha bonneagraí Phort Bhaile Átha Cliath a nuashonrú agus a bheachtú agus, trína leithéid a dhéanamh, deimhin a dhéanamh de go gcuirtear ar fáil go fóill sa Mháistirphlean an réiteach is fearr d’fhorbairt inbhuanaithe thodhchaíoch Phort Bhaile Átha Cliath suas chomh fada le 2040. Tá an t-athbhreithniú ar an Máistirphlean, a bheidh curtha i gcrích go luath in 2018, ag tuar méadú ar an ráta fáis fadtéarmach do thréchur ó 2.5% go dtí 3.3%. Mar thoradh ar sin, méadaítear an toilleadh atá ag teastáil do 2040 ó 60m tona go dtí 77m tona.

Mar atá léirithe ag laghdú ar an trádáil sa dara leath den bhliain 2008, agus in 2009, tá an Chuideachta gan chosaint, i gcúrsa a gnáthoibríochtaí, i leith thionchar moillithe ar an ngeilleagar ar ghníomhaíochtaí an Phoirt. Tá an fás ar thréchur trí Phort Bhaile Átha Cliath ar 30.1% le cúig bliana anuas, áirithítear leis sin go bhfuil na leibhéil thrádála 17.7% níos airde ná mar a bhí siad i mbarr a réimse roimhe seo in 2007. Is soiléir go mbeidh tionchar go fóill ag a bhfuil i ndán go ginearálta do gheilleagar na hÉireann, ó thaobh eacnamaíochta de, ar ionchais fáis na Cuideachta amach anseo.

Maidir leis seo, beidh toradh iarmhartach ar líonta Phort Bhaile Átha Cliath ag tionchar na Breatimeachta ar gheilleagar na hÉireann ar an mórchóir, agus go háirithe ar an bhfás OTI. Anuas air sin, ag leibhéal níos praiticiúla, má tá Breatimeacht crua ann agus leis sin beidh rialuithe custaim ann, beidh ar an gCuideachta acmhainní talún gann a chur i leataobh chun freastail ar chustaim agus gníomhaireachtaí stáit eile. D’aontaigh an Chuideachta le hOifig na nOibreacha Poiblí go gcuirfeadh sí na háiseanna riachtanacha ar fáil roimh dháta na Breatimeachta, an 29 Márta 2019.

Tá an Chuideachta gan chosaint freisin i leith thionchar moillithe ar an ngeilleagar ar a gníomhaíochtaí neamhphríomha Poirt. Léiríodh é sin le laghdú ó €10.9m in 2001 go dtí €4.4m ag deireadh na bliana 2013 ar luach réadmhaoin infheistíochta na Cuideachta atá lonnaithe i bPáirc Gnó Rinn an Oirthir. D’aisghabh luach na réadmhaoine de réir a chéile ó 2013 agus luacháil ár gcomhairleoirí réadmhaoine arís ag deireadh na bliana 2017 agus bhí luacháil mhéadaithe de €1.6m uirthi ar an mbliain roimhe go dtí €7.9m. Seasann an laghdú carnach ag €3.0m anois.

Tá an Chuideachta tiomanta do neamhchosaint ar riosca a bhainistiú go rathúil agus do thionchar an riosca a íoslaghdú maidir le cuspóirí gnó a bhaint amach. Bhunaigh an Bord Coiste Iniúchta agus Riosca le téarmaí tagartha ar leith a léiríonn ról an Choiste maidir le tacaíocht a thabhairt don Bhord chun nochtadh riosca na Cuideachta a bhainistiú.

Tá Creat Bainistíochta Riosca curtha i bhfeidhm ag an gCuideachta a bhfuil na gnéithe seo a leanas ina gcuid de:

  • Próisis chun rioscaí a aithint, a chur in ord tosaíochta agus a chur i gcatagóir,
  • Rioscaí a mheas agus a thomhas go leanúnach, agus
  • Monatóireacht a dhéanamh ar rioscaí agus iad a thuairisciú don Choiste Iniúchóireachta agus Riosca mar fhochoiste Boird.

Ina theannta sin, úsáidtear na bearta seo a leanas chun riosca iomlán na feidhmíochta gnó a bhainistiú:

  • Ullmhú Buiséid Bhliantúil agus Pleananna Airgeadais Cúig Bliana,
  • Tuairisciú agus Anailís ar Athraitheas mhíosúil,
  • Rialuithe Airgeadais,
  • Príomhtháscairí Feidhmíochta, agus
  • Polasaithe, Caighdeáin agus Treoirlínte mionsonraithe chun tacú le rialú agus le maolú rioscaí.

Bainistíocht Riosca Airgeadais

De bharr a cuid oibríochtaí, tá an Chuideachta gan chosaint i leith raon rioscaí airgeadais, lena n-áirítear riosca ráta úis, riosca creidmheasa agus riosca leachtachta agus sreabha airgid. Déantar athbhreithniú rialta ar na polasaithe chun an Chuideachta a chosc ar rioscaí airgeadais. Níl an fhreagracht monatóireacht a dhéanamh ar an mbainistíocht riosca airgeadais fágtha faoi fhochoiste an Bhoird ag na Stiúrthóirí. Déanann Bord na Stiúrthóirí na Polasaithe a leagan amach agus cuirtear i bhfeidhm iad ag Rannóg Airgeadais na Cuideachta.

Riosca Leachtachta agus Sreabha Airgid:

Tá meascán de mhaoiniú fiachais gearrthéarmach agus meántéarmach ag an gCuideachta, rud a dhéanann deimhin de go mbíonn rochtain aici ar chistí leordhóthanacha don infheistíocht bheartaithe chaipitil. Chuir an Chuideachta áis iasachta €50m i bhfeidhm le Ulster Bank i mí an Mhárta 2017 in ionad a fiachais agus chun síneadh a chur leis. Ag deireadh na bliana 2017, bhí áiseanna tiomanta neamhtharraingthe de €15 mhilliún curtha i bhfeidhm ag an gCuideachta.

I mí na Nollag 2015, rinne an Chuideachta Conradh Maoinithe leis an mBanc Eorpach Infheistíochta i leith saoráid mhaoinithe tionscadail de €100m. Bhí an áis seo ar feadh téarma 20 bliain agus ag deireadh na bliana 2017 bhí €75m neamhtharraingthe (2016: €100m).

Is é polasaí na Cuideachta ná an toradh ar infheistíocht a uasmhéadú trí iarmhéideanna airgid barrachais a chur i dtaisce ísealriosca airgid thirim ar bhonn gearrthéarmach. Tá sainorduithe ciste curtha i bhfeidhm ag an gCuideachta le roinnt institiúidí airgeadais chun na críche sin.

Riosca Creidmheasa:

Bíonn an Chuideachta gan chosaint i leith riosca chreidmheasa i gcúrsa na trádála agus, chun an riosca seo a bhainistiú, déanann sí seiceálacha cuí creidmheasa ar ábhair chustaiméirí agus ní thrádálann sí ach le tríú páirtithe aitheanta inchairde.

Riosca Ráta Úis:

D’fhonn neamhchosaint na Cuideachta ar ghluaiseachtaí suntasacha codarsnacha um ráta úis a bhainistiú, tá polasaí aici trína ndéantar íosmhéid 60 faoin gcéad (2016: 60 faoin gcéad) dá fiachais a choinneáil ag rátaí seasta úis. D’fhonn an cuspóir seo a bhaint amach, rinne an Chuideachta conradh ráta úis seasta leis an mBanc Eorpach Infheistíochta ar an áis mhaoinithe tionscadail de €100m. In 2016, bhí comhaontú ag an gCuideachta le Banc na hÉireann maidir le ráta babhtála úis ar a gcomhaontú maidir le háis iasachta téarma. Tháinig an áis agus an comhaontú babhtála in aibí i mí Mhárta 2017.

Imeachtaí ó dheireadh na bliana airgeadais

Níor tharla aon imeachtaí eile idir dáta an Chláir Chomhardaithe agus an dáta ar a d’fhaomh an Bord na ráitis airgeadais.

Forbairtí Todhchaíocha

Tá Clár buiséadaithe um Infheistíocht Chaipitil de €132.2m ag an gCuideachta le haghaidh 2018. Áirítear leis an gClár um Infheistíocht Chaipitil atá beartaithe le haghaidh 2018 €81.0m i leith thionscadal ABA.

Torthaí agus Díbhinní

Ba é €40.6m brabús na Cuideachta don bhliain airgeadais. Seo a leanas leithdháiltí agus moltaí na Stiúrthóirí maidir leis an méid sin:


2017

€’000

2016

€’000




Díbhinn Eatramhach de €1.012 (2016: €0.943) an ghnáthscair íoctha

11,712

10,912

Méadú ar an mBrabús Coinnithe

28,863

28,128




Brabús don Bhliain Airgeadais

40,575

39,040

Níl sé beartaithe ag na Stiúrthóirí díbhinn deiridh a fhógairt.

Leasanna na Stiúrthóirí agus an Rúnaí

The Directors and Secretary had no interest in the share capital of the Company at 31 December 2017 and 2016.

An tAcht um Íoc Pras Cuntas

Is é polasaí na Cuideachta soláthróirí a íoc i gcomhréir le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Íocaíochtaí Déanacha in Idirbhearta Tráchtála), 2002 agus leis an Acht um Íoc Pras Cuntas, 1997.

Chuige sin, tá gnáthaimh íocaíochta na Cuideachta deartha chun cinnteacht réasúnta a thabhairt i gcoinne neamhchomhlíonta ábhartha le téarmaí na Rialachán. Is é 30 lá an tréimhse chaighdeánach chreidmheasa, ach amháin má shonraítear a mhalairt sna socruithe conartha. Rinneadh formhór na n-íocaíochtaí de réir uimhreach agus luacha laistigh den tréimhse chuí chreidmheasa de réir mar is gá. Ar an ábhar sin, tá na Stiúrthóirí sásta gur chloígh an Chuideachta le riachtanais an Achta.

Stiúrthóirí

Tá leagtha amach thíos ainmneacha na ndaoine a bhí ina Stiúrthóirí ag aon am le linn na bliana dar críoch an 31 Nollaig 2017.

L McCaffrey


E O’Reilly


P Bates


G Darling


E Finnan


J Moore

(téarma oifige imithe in éag an
12 Meán Fómhair 2017)

K Nolan

(ceaptha 29 Meán Fómhair 2017)

Caidreamh le Scairshealbhóirí

Bíonn an fheidhmíocht trádála, na pleananna don todhchaí agus fadhbanna straitéiseacha á bplé go leanúnach ag an gCathaoirleach, ag an bPríomhfheidhmeannach agus ag an lucht bainistíochta le scairshealbhóirí na Cuideachta. Bíonn ar an Aire Iompair agus/nó ar an Aire Airgeadais ábhair shonraithe ar leith a fhaomhadh, agus déantar cumarsáid leanúnach leis an Aire ábhartha trína ranna faoi seach. Bíonn an Cathaoirleach freagrach don Aire Iompair mar a éilítear faoi Alt 28 den Acht Cuanta, 1996 agus faoin Chód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú.

Rialachas Corparáideach

Tá Comhlacht Chalafort Átha Cliath tiomanta do na caighdeáin rialachais chorparáidigh is airde a chaomhnú, agus tá sí tar éis glacadh le prionsabail an rialachais chorparáidigh agus leis an gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú arna n-eisiúint ag an Roinn Airgeadais i mí Lúnasa 2016. Chomh maith leis sin, cloíonn an Chuideachta lena hoibleagáidí faoin Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus faoin Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001.

Baill neamhfheidhmeacha is ea an chuid is mó de na Stiúrthóirí agus ceaptar ag an Aire iad. Tagann an Bord le chéile go foirmiúil gach mí agus cuirtear sceideal foirmiúil ábhar faoina bhráid go heisiach chun cinneadh a dhéanamh ina leith. Tá an Bord freagrach as cumhachtaí uile na Cuideachta a fheidhmiú, seachas na cinn atá curtha i leataobh le haghaidh na nGeallshealbhóirí, agus tá comhfhreagracht air as oibríochtaí uile na Cuideachta. Féadfaidh an Bord a chuid cumhachtaí a tharmligean mar is mian leis, do Choiste Boird nó don Phríomhfheidhmeannach, faoi réir ag na srianta nó an rialaithe a fhorchuirtear lena leithéid de tharmligean. Faoi réir ag cead aireachta i gcásanna áirithe, rinne an Bord forchoimeád cinntí a fhaomhadh maidir le feidhmeanna áirithe sna réimsí seo a leanas: Rialachas, Maoiniú, Soláthar, Oibríochtaí agus Ceapacháin Acmhainní Daonna. Tá rochtain ag an mBord ar chomhairle agus ar sheirbhísí Rúnaí na Cuideachta agus is féidir leis comhairle neamhspleách ghairmiúil a fháil nuair a mheastar go bhfuil sé riachtanach.

Bhunaigh an Bord Coiste Iniúchóireachta i 1997 faoi théarmaí foirmiúla tagartha. Athbhunaíodh an Coiste seo in 2012 mar an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca. Leagadh amach sna téarmaí tagartha cuspóir, údarás agus ballraíocht an Choiste, mar aon lena fhreagrachtaí sna réimsí seo a leanas: tuairisciú seachtrach airgeadais, iniúchadh seachtrach, rialachas corparáideach agus iniúchadh inmheánach. Tá ról an Choiste Iniúchóireachta agus Riosca á chur i bhfeidhm go fóill ag iomlán an Bhoird i rith na bliana 2017, agus déanfar amhlaidh go dtí go líonfar an dá fholúntas Bhoird. Emer Finnan mar Chathaoirleach. Ar an 23 Feabhra 2018 bhí an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca athbhunaithe le hIníon Emer Finnan (Cathaoirleach), An tUas. Paul Bates agus Iníon Helen Collins ceaptha don Choiste ag an mBord ar an dáta sin.

Tháinig an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca le chéile ceithre huaire le linn na bliana. Ba iad baill an Choiste i gcúrsa na bliana ná Iníon Emer Finnan (Cathaoirleach), an tUas. Paul Bates, an tUas. Geoffrey Darling, Iníon Lucy McCaffrey, an tUas. John Moore, an tUas. Keith Nolan agus an tUas. Eamonn O’Reilly.

Chomh maith leis sin, bhunaigh an Bord Coiste Luach Saothair in 1999. Ba iad baill an choiste le linn na bliana ná Iníon Lucy McCaffrey (Cathaoirleach), an tUas. Pat Magner agus an tUas. Geoffrey Darling. Feidhmíonn an Coiste faoi théarmaí foirmiúla tagartha.

I rith na bliana 2017,Rinne an Bord measúnú féinmheasúnaithe ar a fheidhmíocht féin i gcomhréir leis na ceanglais ó alt 4.6 den Chód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú.Rinneadh an measúnú ag baint úsáide as an teimpléad lena bhforáiltear laistigh den Chód, arna leagtha amach ceistneoir mionsonraithe don Bhord maidir leis an measúnú féinmheasúnaithe. Teastaíonn an Cód Cleachtais go ndéanfar meastóireacht sheachtrach gach trí bliana ar a laghad i gcomhréir le ceanglais an Chomhlacht Stáit agus cé chomh mór is atá sé. Rinneadh meastóireacht sheachtrach in 2014 agus beartaíodh ceann a dhéanamh in 2018.

Freastal ar Chruinnithe

Tionóladh 10 Cruinniú Ginearálta Bhoird le linn na bliana dar críoch an 31 Nollaig 2017.

Freastal na Stiúrthóirí ar chruinnithe an Bhoird:


I láthair

Incháilithe chun bheith i láthair




L McCaffrey

10

10

E O’Reilly

10

10

P Bates

10

10

G Darling

10

10

E Finnan

10

10

J Moore

6

7

K Nolan

3

3

An Coiste Iniúchóireachta agus Riosca


I láthair

Incháilithe chun bheith i láthair




E Finnan

5

5

P Bates

5

5

G Darling

5

5

L McCaffrey

5

5

J Moore

2

3

K Nolan

2

2

E O’Reilly

5

5

An Coiste Luach Saothair

Níor tháinig an Coiste Luach Saothair le chéile le linn na bliana. Phléigh iomlán an Bhoird leis na hábhair uile le linn 2017.

Speansais na Stiúrthóirí

Íocadh speansais €5,129 le baill den Bhord le linn na bliana i leith speansas eile.

Rialuithe Inmheánacha

Tá freagracht iomlán ar an mBord as córais rialaithe inmheánaigh na Cuideachta. Ní féidir leis na córais sin atá á gcoinneáil ag an gCuideachta ach gealltanas réasúnta a thabhairt, seachas gealltanas iomlán, go ndéantar idirbhearta i gcomhréir le húdarú an lucht bainistíochta go gcosnaítear sócmhainní, go gcuirtear cosc ar chalaois agus go gcoinnítear taifid chearta airgeadais. Deimhníonn an Bord go bhfuil athbhreithniú déanta aige ar éifeachtúlacht chóras an rialaithe inmheánaigh.

Chun deimhin a dhéanamh de go gcuirtear rialuithe inmheánacha na Cuideachta i bhfeidhm go héifeachtúil, fostaíodh pearsanra cáilithe agus leithdháileadh na dualgais i gceart idir eatarthu.

Áirítear le córais an rialaithe inmheánaigh:

  • Déantar rioscaí gnó a aithint agus a dtionchair airgeadais a mheas trí athbhreithniú a dhéanamh go rialta ar Phlean Straitéiseach na Cuideachta. Tugtar achoimre thuas ar Chreat Bainistíochta Riosca na Cuideachta faoin cheannteideal “Rioscaí agus Éiginnteachtaí Príomha”. Ghlac an Bord leis an bPlean Straitéiseach is déanaí don tréimhse 2017 go dtí 2021 i mí na Nollag 2016;
  • Buiséad bliantúil faofa ag an mBord agus measúnú míosúil ar fhíorthorthaí i gcomparáid le réamhaisnéisí buiséid;
  • Coiste Iniúchóireachta agus Riosca a bunaíodh chun na rudaí seo a leanas a athbhreithniú agus a phlé leis na hiniúchóirí inmheánacha agus seachtracha: rialuithe inmheánacha chuntasaíochta na Cuideachta, an fheidhm Iniúchóireachta Inmheánaí, rogha na bpolasaithe cuntasaíochta, pleananna iniúchóireachta inmheánaí agus seachtraí, tuarascáil reachtúil na n-iniúchóirí, an tuairisciú airgeadais agus ábhair ghaolmhara eile;
  • Feidhm Iniúchóireachta Inmheánaí trína ndéantar athbhreithniú ar phríomhphróisis agus ar phríomhrialuithe gnó;
  • Cóid fhoirmiúla iompair le haghaidh Stiúrthóirí agus fostaithe; agus
  • Polasaithe agus nósanna imeachta soláthair. Ar an gcead dul síos, déanann siad sin deimhin de go dtéitear i mbun gníomhaíochtaí soláthair chun luach ar airgead a sholáthar i dtéarmaí chostais fhoriomlána an tsaolré agus, lena chois sin, go gcloítear leis na Treoirlínte Stáit agus Treoracha AE ábhartha uile a bhfuil feidhm acu maidir le Fóntais Phoiblí.

Tá athbhreithniú déanta ag an mBord, tríd an gCoiste Iniúchóireachta agus Riosca, ar éifeachtúlacht chóras an rialaithe inmheánaigh suas go dtí dáta faofa na ráiteas airgeadais.

Rinne an tIniúchóir Inmheánach athbhreithniú ar éifeachtúlacht chóras an rialaithe inmheánaigh agus níor thángthas ar aon laigí suntasacha rialaithe a bhfuil riosca suntasach ag baint leo maidir le caillteanas airgeadais nó cur isteach oibríochtúil, a éilíonn cúram láithreach ag leibhéal an Bhoird.

Ráiteas comhlíonta

Admhaíonn Stiúrthóirí na Cuideachta go bhfuil siad freagrach as comhlíonadh na Cuideachta lena hoibleagáidí ábhartha a ráthú (mar atá sainmhínithe in Acht na gCuideachtaí 2014 (“Acht 2014”)) agus, mar atá éilithe faoi alt 225 den Acht 2014, deimhníonn na Stiúrthóirí:

(i) gur ullmhaíodh ráiteas um polasaí comhlíonta ina leagtar amach polasaithe na Cuideachta maidir lena hoibleagáidí ábhartha faoin Acht 2014 a chomhlíonadh;

(ii) gur cuireadh socruithe agus struchtúir i bhfeidhm a mheasann na Stiúrthóirí gur leor iad chun comhlíonadh ábhartha le hoibleagáidí cuí na Cuideachta a rathú; agus

(iii) go ndearnadh athbhreithniú ar na socruithe agus struchtúir le linn na bliana airgeadais lena mbaineann Tuarascáil na Stiúrthóirí..

Síntiúis Pholaitíochta

Níor íoc an Bord as aon tabhartais pholaitíochta le linn na bliana.

Nochtadh Faisnéise do na hIniúchóirí

Tá sé deimhnithe ag gach Stiúrthóir a bhí in oifig amhail ar dháta na tuarascála seo:

  • Go bhfios dó/di, nach bhfuil aon fhaisnéis ábhartha iniúchta ann nach bhfuil ar eolas ag iniúchóirí reachtúla na Cuideachta; agus
  • Go bhfuil na bearta go léir déanta aige/aici gur cheart a bheith déanta aige/aici mar Stiúrthóir chun eolas a fháil ar aon fhaisnéis ábhartha iniúchta agus chun a dhearbhú go bhfuil an fhaisnéis sin ar eolas ag iniúchóirí reachtúla na Cuideachta.

Iniúchóirí Reachtúla

Na hiniúchóirí, Deloitte, Cuntasóirí Cairte agus Gnólacht Iniúchóireachta Reachtúil, a bhí ceaptha i rith na bliana airgeadais,tá siad fós in oifig i gcomhréir le halt 383(2) d’Acht na gCuideachtaí, 2014.

Thar ceann an Bhoird

Lucy McCaffrey

Eamonn O’Reilly

28th Márta 2018