31. Sochair iarfhostaíochta
Oibríonn an Comhlacht ceithre scéim pinsin le sochair sainithe agus scéim pinsin le ranníocaíocht shainithe. Ar an 1 Eanáir 2005 dúnadh na scéimeanna sochair sainithe d’iontrálaithe nua.
Plean ranníocaíochtaí sainithe
Tá fostaithe a thosaíonn ag obair leis an gComhlacht tar éis an 1 Eanáir 2005 ina mbaill den scéim ranníocaíochtaí sainithe. Íocann na baill agus an Comhlacht ranníocaíochtaí ag rátaí seasta. I rith na bliana rinne an Comhlacht ranníocaíocht €300k (2016: €239k) leis an scéim ranníocaíochta sainithe agus rinneadh an méid sin a mhuirearú don chuntas Brabúis agus Caillteanais. Is é Irish Pensions Trust Limited, Comhlacht iontaobhaí neamhspleách gairmiúil, an t-aon iontaobhaí amháin de chuid an scéim ranníocaíochta sainithe.
Scéimeanna Sochair Sainithe
a) Oibríonn an Comhlacht ceithre scéim pinsin le sochair sainithe bunaithe ar thuarastail deireanacha inphinsin d’fhostaithe incháilithe, lena n-áirítear fostaithe agus iarfhostaithe Chomhlacht Chalafort Dhún Dealgan agus an t-aonán a tháinig roimh an gComhlacht, Bord Port agus Duganna Bhaile Átha Cliath.
Faoi fhorálacha an Acht Cuanta, 1996 tá an Comhlacht freagrach as íocaíocht teidlíochtaí pinsin a mhaoiniú (lena n-áirítear na teidlíochtaí a bhaineann le seirbhís roimh an Lá Dílsithe le Bord Port & Duganna Bhaile Átha Cliath de chuid:
i. fostaithe incháilithe reatha go léir an Chomhlachta;
ii. pinsinéirí incháilithe reatha agus iarchurtha go léir Bhord Port & Duganna Bhaile Átha Cliath;
iii. iarfhostaithe incháilithe de chuid an Chomhlachta a tháinig nó a d’fhéadfadh a theacht chun bheith ina bpinsinéirí reatha nó iarchurtha de chuid an Chomhlachta ó bhí an Lá Dílsithe ann;
iv. céilí agus leanaí incháilithe de chuid fostaithe nó iarfhostaithe incháilithe.
Bunaíodh scéimeanna ar leithligh arna riar ag iontaobhaithe don chuspóir sin agus is iad na scéimeanna sin ná “Ciste Aoisliúntais Chalafort Bhaile Átha Cliath 1996” agus “Ciste Aoisliúntais um Píolótaí Chomhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath”
I 2012 bunaíodh scéim fhoirmiúil i dtaobh an Phríomfheidhmeannaigh agus is é teideal na scéime sin ná “Scéim Sochar Scoir um Phríomhfheidhmeannach Chomhlacht.
Bunaíodh scéim fhoirmiúil arna riar ag iontaobhaithe i rith 2013 i dtaobh iarfhostaithe incháilithe de chuid Chomhlacht Chalafort Dhún Dealgan agus is é ainm na scéime sin ná “ Scéim Pinsin Chomhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath um Iarfhostaithe Chomhlacht Chalafort Dhún Dealgan”.
Is é Irish Pensions Trust Limited, Comhlacht iontaobhaí neamhspleách gairmiúil, iontaobhaí aonair an Chiste Aoisliúntais do Phíolótaí, an Scéim Sochair Scoir do Phríomhfheidhmeannach Chomhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath agus Scéim Pinsin Chomhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath um Iarfhostaithe Chomhlacht Chalafort Dhún Dealgan.
Is iad an Comhlacht agus na baill scéime a cheapann iontaobhaithe Ciste Aoisliúntais Chalafort Bhaile Átha Cliath 1996. Reáchtáladh an próiseas roghnúcháin is deireanaí maidir le hiontaobhaí atá ball ainmnithe a roghnú don chiste Aoisliúntais Phort Bhaile Átha Cliath 1996 in 2017 agus rinneadh ceapachán ceathrar fostaithe a dhaingniú ag an mBord ag a chruinniú ar an 8 Nollaig 2017. I dteannta leis an gceathrar iontaobhaithe atá ina mbaill, cheap an Comhlacht ceathrar iontaobhaithe eile.
Níl aon scéimeanna neamh-mhaoinithe i bhfeidhm amhail ag 31 Nollaig 2017.
b) Luacháil Achtúireach
Déantar seasamh maoinithe na bpríomhscéimeanna sochair sainithe a mheasúnú de réir chomhairle achtúirí neamhspleácha. Déantar an seasamh maoinithe a mheasúnú go foirmiúil gach trí bliana. Ullmhaíodh na luachálacha achtúireacha infheidhme is deireanaí, a dhéantar gach trí bliana, do na príomhscéimeanna ar an 1 Eanáir 2018, agus ba iad Mercer, nach bhfuil ina n-oifigigh ná fostaithe de chuid an Chomhlachta, a rinne iad. Tá na tuarascálacha luachála achtúireacha ar fáil um chigireacht ag baill scéime ach níl siad ar fáil um chigireacht ag an bpobal.
Tá sé ar intinn ag an gComhlacht ranníocaíochtaí rialta a dhéanamh leis na scéimeanna de réir na moltaí a leag na hachtúirí amach ina gcuid tuarascálacha ar an 1 Eanáir 2018. Tá na chéad tuarascálacha eile do na príomhscéimeanna, a dhéantar gach trí bliana, le bheith ullmhaithe ar an 1 Eanáir 2021.
Bonn luachála um Íoschaighdeán Maoinithe (faisnéis nach bhfuil iniúchta):
Tá sé ina cheangal go gcloífeadh na scéimeanna maoinithe leis an Íoschaighdeán Maoinithe (ICM) i gcomhréir le hAlt 44 d’Acht na bPinsean, 1990 (mar atá leasaithe). Leis an ICM, go ginearálta, déantar a thomhas cibé acu an gclúdaíonn sócmhainní carntha dliteanais arna bhfabhrú do bhaill, ag déanamh talamh slán de go ndéanfaí na scéimeanna a fhoirceannadh ar an dáta luachála. Tá na boinn tuisceana ar a mbíonn an dliteanas ICM socraithe forordaithe sa reachtaíocht agus i dtreoir achtúireach. Cuirfidh na teastais maoinithe achtúirigh is deireanaí a cuireadh ar fáil, áit ba chuí, faoi bhráid an Údarás Pinsean agus dáta éifeachtach orthu ón 31 Nollaig 2017 agus dearbhófar an bhfuil na scéimeanna ag cloí leis an ICM ag an dáta sin.
Tar éis athbhreithnithe achtúirigh ar an Eanáir 2018, fuarthas go gcloífeadh na scéimeanna is infheidhme an ICM amhail an 1 Eanáir 2018. Ba é luach iomlán shócmhainní na scéime ná €281.8m agus ba iad luach iomlán na ndliteanas faoin ICM ná €206.7m, agus an toradh a bhí air sin ná barrachas de €75.1m ar bhonn an ICM.
Bonn um luacháil fhadtéarmach (faisnéis nach bhfuil iniúchta):
Tá sé de rún ag an gComhlacht leanúint ar aghaidh ag soláthar maoinithe de réir mholadh an achtúire chun déanamh cinnte go leanfaidh na scéimeanna ar aghaidh ag feidhmiú agus ag soláthar d’íocaíochtaí pinsin ar bhonn fadtéarmach.
Maidir leis an luacháil ar an 1 Eanáir 2018 do na cuspóirí maoinithe sin ullmhaíodh í agus úsáid á baint as modh luachála achtúirigh ar a dtugtar an modh “aoise sroichte”. Is iad na phríomhbhonn tuisceana achtúireacha a glacadh sa luacháil ná go mbeadh an ráta bliantúil ar an toradh ar infheistíocht ag 1.00% in aghaidh na bliana do na cistí go léir, go mbeadh an ráta bliantúil ar an toradh ar infheistíocht tar éis scoir ag 1.00% in aghaidh na bliana do na cistí go léir, agus go mbeadh an méadú ar thuarastal 2.50% le haghaidh 2018-2022 agus 3.0% in aghaidh na bliana ina dhiaidh sin. Beidh méadú de 1.75% in aghaidh na bliana ar íocaíochtaí pinsin. Faoi réir an mhodha luachála seo ag an 1 Eanáir 2018, bhí sócmhainní ar an iomlán ag €281.8m agus bhí dliteanais fhabhraithe ar an iomlán ag €264.9m. Bhí barrachas comhiomlán €16.9m mar thoradh air seo agus bhí cóimheas maoinithe(sócmhainní: dliteanais) de 106% ar 1 Eanáir 2018. Rinneadh an luacháil sin i dtaobh Chiste Aoisliúntais Phort Bhaile Átha Cliath 1996, an Ciste Aoisliúntais um Phíolótaí Chuideachta Phort Bhaile Átha Cliath, an Scéim Sochair Scoir um Phríomhfheidhmeannach Chuideachta Phort Bhaile Átha Cliath agus an Scéim Sochair Scoir um Iarfhostaithe Chuideachta Phort Bhaile Átha Cliath.
Ullmhófar an chéad luacháil fhoirmiúil iomlán eile ar an 1 Eanáir 2021.
c) CTA 102 – Alt 28 – “Sochair Fostaí”
Rinneadh oibleagáidí sochair sainithe na Cuideachta a luacháil ag achtúirí neamhspleácha chun críocha alt 28 de CTA 102 bunaithe ar shonraí arna gcur ar fáil um luacháil achtúireach ar na scéimeanna amhail ag an 31 Nollaig 2017. De réir mar a éilítear de réir alt 28 de CTA 102 ullmhaíodh an luacháil agus úsáid á baint as modh luachála achtúirigh ar a dtugtar modh “na n-aonad creidmheasa réamh-mheasta”. Ós rud é go bhfuil na scéimeanna dúnta d’iontrálaithe nua, tá próifíl aoise na scéime ag dul in airde agus mar sin faoi mhodh na n-aonad réamh-mheasta rachaidh an costas reatha seirbhíse i méid de réir mar a bhogann baill den scéim i dtreo scoir.
Boinn Tuisceana Airgeadais:
Ba iad na príomhbhoinn tuisceana airgeadais chun na hoibleagáidí sochair (dliteanais) a ríomh faoi alt 28 de CTA 102 ar dháta an Chláir Chomhardaithe ná:
31 Nollaig 2017 | 31 Nollaig 2016 | |
Ráta úis arna chur i bhfeidhm ar oibleagáidí sochair ar lascaine | 1.90% | 1.75% |
Ráta réamh-mheasta an mhéadaithe ar thuarastail | 2.5% le haghaidh 2018-2022, | 2% le haghaidh 2017-2019, 3% ina dhiaidh sin |
Ráta réamh-mheasta an mhéadaithe ar phinsin arna n-íoc | 1.75% | 2% le haghaidh 2017-2019, 2.5% ina dhiaidh sin |
Ráta réamh-mheasta an mhéadaithe arna gcur siar | 1.75% | 2% le haghaidh 2017-2019, 2.5% ina dhiaidh sin |
Boilsciú ITB | 1.75% | 1.75% |
Déantar an ráta lascaine arna úsáid chun an dliteanas pinsin a ríomh trí fhéachaint chuig torthaí margaidh ar dháta an Chláir Chomhardaithe ar bhannaí corparáide ardchaighdeáin. Bíonn airgeadra agus téarma na mbannaí corparáide ar aon dul le hairgeadra agus téarma measta na n-oibleagáidí sochair. Ag féachaint d’fhad oibleagáidí sochair na scéime, glacadh ráta lascaine de 1.90% ar an 31 Nollaig 2017.
Boinn Tuisceana Déimeagrafacha:
Tá na boinn tuisceana maidir leis an ionchas saoil ag am scoir le haghaidh ball leagtha amach thíos:
2017 | 2016 | |||
Blianta Fir | Blianta Mná | Blianta Fir | Blianta Mná | |
Baill reatha ag 40 bliain d’aois (ionchas saoil ag 65 bliana d’aois) | 24.5 | 26.5 | 25.8 | 27.9 |
Pinsinéirí reatha ag 65 bliana d’aois (ionchas saoil ag 65 bliana d’aois) | 22.3 | 24.2 | 23.0 | 25.0 |
Sócmhainní Scéime:
Ba é leithdháileadh infheistíochta na sócmhainní ar dháta an Chláir Chomhardaithe ná:
Aicme Sócmhainne
Coibhneas na Scéime | Coibhneas na Scéime | |
Gnáthscaireanna | 0.0% | 16.40% |
Bannaí | 83.13% | 83.50% |
Maoin | 0.16% | 0.40% |
Eile | 16.71% | (0.30%) |
100.0% | 100.0% |
Faoi CTA102, socraítear an toradh ionchais ar shócmhainní sa mhéid is go bhfuil sé comhionann leis an ráta lascaine.
Ba é luach cóir na sócmhainní pinsin ar dháta an Chláir Chomhardaithe ná:
Luach cóir ar an 31 Nollaig 2017 | Luach cóir ar an 31 Nollaig 2016 | |
€’000 | €’000 | |
Gnáthscaireanna | - | 45,964 |
Bannaí | 234,277 | 233,843 |
Maoin | 463 | 1,004 |
Eile | 47,064 | (813) |
Luach Cóir iomlán Sócmhainní | 281,804 | 279,998 |
Seo a leanas na méideanna atá aitheanta sa ráiteas faoi sheasamh airgeadais:
31 Nollaig 2017 €’000 | 31 Nollaig 2016 €’000 | |
Luach cóir na sócmhainní scéime | 281,804 | 279,998 |
Oibleagáid sochair sainithe | (231,217) | (268,905) |
50,587 | 11,093 | |
Léirithe i ráitis airgeadais mar seo a leanas: | ||
Infheistíochtaí – barrachas ar scéimeanna maoinithe (féach nóta 17) | 50,985 | 12,254 |
Soláthar i gcomhar oibleagáid sochar iarfhostaíochta – scéimeanna neamh-mhaoinithe | (398) | (1,161) |
Glansócmhainn sochair sainithe | 50,587 | 11,093 |
Anailís ar na méideanna curtha san áireamh sa Chuntas Brabúis agus Caillteanais:
2017 €’000 | 2016 €’000 | |
Costas (gan ús san áireamh) | ||
Costas reatha seirbhíse | (1,699) | (1,496) |
(Costas)/Creidmheas iarsheirbhíse | (462) | 1,948 |
(2,161) | 452 | |
Glanchostas úis | ||
Ioncam úis ar shócmhainní scéime | 4,878 | 6,415 |
Ús ar oibleagáidí sochair scéimeanna pinsin | (4,624) | (6,040) |
Glanchostas úis | 254 | 375 |
(1,907) | 827 |
Áirítear leis an muirear Brabúis agus Caillteanais an costas/creidmheas seo a leanas mar gheall ar athruithe ar fhorálacha plean:
Costas Iarsheirbhíse :Tháinig costas iarsheirbhíse chun cinn in 2017 de bharr na sochair bhreise a tháinig chun cinn i rith na bliana. Tagann creidmheas iarsheirbhíse chun cinn in 2016 i dtaobh an laghdaithe bhuain ar shochair na mball gníomhach agus iarchurtha de Chiste Aoisliúntais Phort Bhaile Átha Cliath 1996 agus den Chiste Aoisliúntais um Phíolótaí Chuideachta Phort Bhaile Átha Cliath mar gheall ar na tobhaigh phinsin le haghaidh na mblianta 2011 go 2015 san áireamh. D’aontaigh iontaobhaithe an dá phlean ar an laghdú ar shochair. Is é an gnóthachan ná luach reatha an laghdaithe ar shochair phinsin agus arna ríomh amhail ag 31 Nollaig 2016 agus na boinn tuisceana ba chuí ag an dáta sin á n-úsáid.
Anailís ar na méideanna atomhais arna n-aithint in Ioncam Cuimsitheach Eile:
2017 €’000 | 2016 €’000 | |
Toradh ar shócmhainní plean (gan ioncam úis san áireamh) | (525) | 18,431 |
Éifeacht choigeartuithe taithí | (4,692) | 4,301 |
Éifeacht athruithe ar bhoinn tuisceana | 40,070 | (30,697) |
Iomlán na n-atomhas curtha san áireamh in Ioncam Cuimsitheach eile | 34,853 | (7,965) |
Gluaiseacht sócmhainní scéime agus oibleagáidí sochair
Sócmhainní €’000 | Oibleagáidí sochair €’000 | Glanbharrachas/ (glaneasnamh) €’000 | |
Ar 31 Nollaig 2015 | 258,040 | (246,576) | 11,464 |
Costas reatha seirbhíse | - | (1,496) | (1,496) |
Creidmheas iarsheirbhíse | - | 1,948 | 1,948 |
Ús ar oibleagáidí sochair scéime | - | (6,040) | (6,040) |
Ioncam úis ar shócmhainní scéime | 6,415 | - | 6,415 |
Toradh ar shócmhainní scéime (gan ioncam úis san áireamh) | 18,431 | - | 18,431 |
Atomhas mar thoradh ar choigeartuithe taithí | - | 4,301 | 4,301 |
Atomhas mar thoradh ar athrú ar bhoinn tuisceana | - | (30,697) | (30,697) |
Ranníocaíochtaí ball | 333 | (333) | - |
Sochair arna n-íoc ón scéim | (9,988) | 9,988 | - |
Ranníocaíochtaí fostóra | 6,767 | - | 6,767 |
Amhail ag 31 Nollaig 2016 | 279,998 | (268,905) | 11,093 |
Gluaiseacht sócmhainní scéime agus oibleagáidí sochair
Sócmhainní €’000 | Oibleagáidí sochair €’000 | Glanbharrachas/ (glaneasnamh) €’000 | |
Ar 31 Nollaig 2016 | 279,998 | (268,905) | 11,093 |
Costas reatha seirbhíse | - | (1,699) | (1,699) |
Creidmheas iarsheirbhíse | - | (462) | (462) |
Ús ar oibleagáidí sochair scéime | - | (4,624) | (4,624) |
Ioncam úis ar shócmhainní scéime | 4,878 | 4,878 | |
Toradh ar shócmhainní scéime (gan ioncam úis san áireamh) | (525) | - | (525) |
Atomhas mar thoradh ar choigeartuithe taithí | - | (4,692) | (4,692) |
Atomhas mar thoradh ar athrú ar bhoinn tuisceana | - | 40,070 | 40,070 |
Ranníocaíochtaí ball | 283 | (283) | - |
Sochair arna n-íoc ón scéim | (9,378) | 9,378 | - |
Ranníocaíochtaí fostóra | 6,548 | - | 6,548 |
Amhail ag 31 Nollaig 2017 | 281,804 | (231,217) | 50,587 |
Measann an fostóir go ranníocfaidh siad €0.5 milliún leis na scéimeanna pinsin i 2018.
Anailís Íogaire ar oibleagáidí Sochair Scéime:
Tá íogaire an oibleagáid sochair sainithe d’athruithe ar na bonn tuisceana maidir le mortlaíocht leagtha amach thíos:
2017 Bonn tuisceana atá ann | 2017 -1 Bhliain | 2017 +1 Bhliain | |
Ball Fir Reatha ag 40 bliain d’aois (Ionchas Saoil ag | 24.5 | 23.7 | 25.4 |
Pinsinéir Fir Reatha ag 65 bliana d’aois (Ionchas Saoil ag | 22.3 | 21.5 | 23.1 |
Oibleagáidí sochair (€’000) | 231,217 | 222,898 | 239,642 |
Athrú ar oibleagáidí sochair (€’000) | 8,319 | (8,425) | |
Athrú % (mar % den mhéid tosaigh) | 3.6% | (3.6%) |
Tá íogaire an oibleagáid sochair sainithe d’athruithe ar an ráta lascaine leagtha amach thíos:
2017 Bonn tuisceana atá ann | 2017 -0.25% | 2017 +0.25% | |
Ráta Lascaine | 1.90% | 1.65% | 2.15% |
Oibleagáidí sochair (€’000) | 231,217 | 240,072 | 222,876 |
Athrú ar oibleagáidí sochair (€’000) | (8,855) | 8,341 | |
Athrú % (mar % den mhéid tosaigh) | (3.8%) | 3.6% |