1. Faisnéis ghinearálta

Cuireann Comhlacht Chalafort Átha Cliath an bonneagar, na háiseanna, na seirbhísí agus an talamh a bhfuil dromchla crua air, ar fáil chun riachtanais na gcustaiméirí a chomhlíonadh maidir le haistriú éifeachtúil earraí agus paisinéirí idir na móid talún agus iompair ar muir.

Gintear ioncam, maidir leis na háiseanna sin a chur ar fáil, ó na nithe seo a leanas: dleachtanna soithigh, dleachtanna earraí, cíos agus na príomhsheirbhísí a chuirtear ar fáil, amhail tarraingt agus píolótaíocht.

Tá an Comhlacht corpraithe i bPoblacht na hÉireann agus tá sainchónaí air inti. Is é seoladh a oifige cláraithe ná Ionad an Chalafoirt, Bóthar Alexandra, Baile Átha Cliath 1.