Athbhreithniú ón bPríomhfheidhmeannach

Tháinig méadú mór ar allmhairí agus ar onnmhairí, rud a léirigh feidhmíocht dhearfach ghinearálta an gheilleagair le linn na bliana.

Eamonn O’Reilly - Príomhfheidhmeannach

Athbhreithniú ón bPríomhfheidhmeannach

Athbhreithniú Trádála Phort Bhaile Átha Cliath

In 2017, d’fhás na líonta go dtí 36.4m tona, méadú 4.3% ar an mbliain roimhe sin.

Tháinig méadú mór ar allmhairí agus ar onnmhairí, rud a léirigh feidhmíocht dhearfach ghinearálta an gheilleagair le linn na bliana.

‘000 olltonaí

2017

2016

% athrú





Allmhairí

21,546

20,745

3.9%

Onnmhairí

14,876

14,184

4.9%

Iomlán

36,422

34,929

4.3%

Tá forlámhas méadaitheach ag móid aonadaithe (82.6% ar an iomlán i dteannta a chéile) ar ár ngnó. B’ionann iad agus 78.5% den olltonnáiste iomlán deich mbliana ó shin.

‘000 olltonaí

2017

2016

% athrú





Ró-Ró

23,412

22,484

4.1%

Ló-Ló

6,673

6,328

5.4%

Bulcleacht

4,281

4,017

6.6%

Bulcsholad

2,034

2,053

(1.0%)

Briseadh Builc

22

47

(52.8%)

Iomlán

36,422

34,929

4.3%

Aonadaithe

30,085

28,812

4.4%

Neamhaonadaithe

6,337

6,117

3.6%

Bhí cuid mhór den ár bhfás de 1.5m olltonnáiste in 2017 (85%) déanta as móid aonadaithe níos mó a d’fhás 4.4% agus bhí ráta fáis níos lú ag móid bheaga nach bhfuil aontaithe ag 3.6%.


2017

%




Aonadaithe

1,273

85.3%

Neamhaonadaithe

220

14.7%

Iomlán

1,493

100.0%

Ag féachaint air i dtéarmaí aonaid do Ró-Ró agus TEU (is ionann é agus fiche troigh) do Ló-Ló, chonaiceamar fás láidir maidir le Ró-Ró in 2017 (+5.0%) agus níos láidre fós maidir le Ló-Ló (+5.2%).


2017

2016

% athrú





Aonaid Ró-Ró

992,062

944,531

5.0%

Aonaid choibhéise fiche troigh Ló-Ló

698,348

663,732

5.2%

Olltonaí d'allmhairí/onnmhairí (‘000)

Allmhairí

Onnmhairí

Móid olltonaí (‘000)

Róró

Lóló

Bulcleacht

Bulcsholad

Briseadh Builc

Bhí méideanna feithiclí trádála síos 4.6% ó 104,185 aonad go dtí 99,383 aonad, rud a léiríonn méadú ar allmhairiú gluaisteán úsáidte ón Ríocht Aontaithe mar thoradh ar laige an steirling i rith na bliana.

Laistigh d’earnáil na toirte, tháinig méadú 6.6%ar Bhulcleacht (beagnach táirgí peitriliam ar fad) agus tháinig laghdú 1.0% ar bhulcsholad de bharr laghduithe ar onnmháiriú táirgí suiminte den chuid is mó.

Bhí fás réasúnta ag an taobh turasóireachta dár ngnó le méadú 1.8% ar phaisinéirí farantóireachta ag 1.8m agus bhí feithiclí turasóireachta chun tosaigh le méadú 1.9% ag 514,908 aonad.

D’fhás an turasóireacht turas mara go mór in 2017 nuair a thug 127 long chrúsála cuairt ar an bPort, is é sin méadú 16.5% ar an mbliain roimhe.


2017

2016

%





Líon na long crúsála a thug cuairt ar an bport

127

109

16.5%

Paisinéirí agus an criú

210,050

159,124

32.0%

Olltonnáiste comhiomlán

5,749,351

4,354,130

32.0%

Feidhmíocht Airgeadais in 2017

Soláthraí bonneagair is ea Comhlacht Chalafort Átha Cliath nach nglacann ach páirt an-bheag i ngníomhaíochtaí oibríochtúla. Mar sin, tá mórthionchar oibríochtúil againn agus bímid ag súil leis go spreagfar leibhéil ioncaim agus brabúis go díreach le méaduithe ar líonta.

Le linn 2017, bunaithe ar mhéadú 4.3% ar líonta, d’fhás ár n-ioncam 4.7% ó €81.6m go dtí €85.5m.

Bhí costas €40.9m in 2017 ar na costais oibriúcháin iomlána, sin méadú €4.3m (11.7%) ar an mbliain roimhe.

Tháinig méadú €0.4m ar chostais dímheasa ó €8.6m in 2016 go dtí €9.0m in 2017, rud a léiríonn bonn sócmhainne seasta níos airde mar thoradh ar chlár leanúnach infheistíochta chaipitil na Cuideachta

Tá costais maoinithe pinsin €2.7m níos airde in 2017. Bhain muirear 2016 leas as €1.9m de chreidmheas seirbhíse roimhe seo tar éis cur i bhfeidhm tionchair tobhaigh pinsin ar bhaill ghníomhacha den chiste agus tagann muirear iarsheirbhíse €0.5m chun cinn in 2017

Bhí costais phárolla €0.6m níos airde, rud a léiríonn méadú ar phá in 2017 le chéile le méadú ar mheánlíon na ndaoine atá fostaithe ó 146 go dtí 148

Bhí costais eile €0.6m níos airde in 2017 i gcomparáid leis an mbliain roimhe, go príomha mar thoradh ar tháillí dlíthiúla de €0.4m a bhain le socrú aisghabhála in 2016.

Baineann an €1.9m d’ioncam oibriúcháin eile in 2017 le méadú ar luacháil réadmhaoine infheistíochta na Cuideachta “P5”, lonnaithe in Eastpoint Business Park, agus tá sé luacháilte ag €1.6m le chéile le brabús €0.3m ar dhiúscairt sócmhainní seasta. Ba é € 0.5m an figiúr comparáideach in 2016, is é sin ná € 0.3m i leith P5 agus brabús €0.2m ar dhiúscairt sócmhainní seasta.

Mar thoradh ar an méid thuasluaite, tháinig méadú €1.0m (2.1%) ar bhrabús oibriúcháin na Cuideachta ó €45.6m in 2016 go dtí €46.5m in 2017. Leis an méadú ar chostais mhaoinithe pinsin fágtha ar lár (bhí tionchar orthu de bharr an creidmheas seirbhíse roimhe seo in 2016), tháinig méadú €3.6m (7.9%) ar bhunleibhéal brabúis ar an mbliain roimhe.

€’000

2017

2016

% athrú





Láimhdeachas

85,497

81,633

4.7%

TRÚCDA

53,625

53,642

0.0%

Brabús Oibriúcháin

46,512

45,554

2.1%

PBT

46,344

45,082

2.8%

PAT

40,575

39,040

3.9%

Mar sholáthraí bonneagair a bhfuil riachtanais mhóra caiteachais chaipitil díreach os a chomhair, is príomhbhearta iad giniúint airgid thirim, Toradh ar Chaipiteal a Úsáidtear agus glanfhiachas chun cur le neart an ghnó.

B’ionann TRÚCDA (tuilleamh roimh Ús, Cáin, Dímheas agus Amúchadh) agus €53.6m don dá bhliain, (an aisbhaint don mhír nach airgead tirim é a bhaineann leis an luacháil mhéadaithe maidir le réadmhaoin infheistíochta P5 curtha san áireamh).

€’000

2017

2016




Brabús Oibriúcháin

46,512

45,554

Dímheas

9,562

9,082

Amúchadh

(542)

(475)

Ioncam eile

(1,600)

(350)

Míreanna neamhghnácha –
brabús ar dhiúscairt sócmhainní

(307)

(169)

TRÚCDA

53,625

53,642

Thairis sin, tháinig laghdú ar an Toradh ar Chaipiteal a Úsáidtear (TACÚ) ó 13.9% in 2016 go dtí 12.0% in 2017. Léiríonn sé seo leibhéal níos airde de Chaiteachais Chaipitil a tháinig chun cinn in 2017 agus nádúr fadtéarmach d’infheistíocht bonneagair poirt. Bhí sócmhainní seasta €418.2m ar an iomlán ag deireadh na bliana i gcomparáid le €330.0m ag deireadh na bliana 2016. Is féidir an ghluaiseacht i sócmhainní seasta a mhíniú de bharr an €96.2m breise le chéile leis an luacháil mhéadaithe ag €1.6m maidir le réadmhaoin infheistíochta na Cuideachta, déanann sé sin cúiteamh ar mhuirear dímheasa don bhliain a bhí €9.5m air. Léiríonn na sócmhainní seasta breise infheistíocht d’airgead tirim i rith na bliana a bhí níos mó ná €78m le chéile le €14m breise de bharr an talamh a fuarthas maidir leis an tSaoráid Phoirt Intíre Bhaile Átha Cliath.

Ag deireadh na bliana, bhí glanfhiachas againn de €37.9m i gcomparáid le €3.0m d’airgead glan ag deireadh na bliana 2016, rud a léiríonn arís an t-ardleibhéal de chaiteachas caipitil a tháinig chun cinn in 2017.

€m

2017

2016




Airgead tirim (taiscí gearrthéarmacha san áireamh)

€21.9m

€38.0m

Iasachtaí

(€59.8)

(€35.0m)

Glanfhiachas/Airgead Glan

(€37.9m)

€3.0m

Tá fáil ag an gCuideachta ar áis fhadtéarmach fiachais €100m de chuid an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (a raibh €25m tarraingthe anuas ag deireadh na bliana) agus déanann an áis sin, agus áiseanna meánthéarmacha fiachais de €50m (a bhfuil €35m de tharraingthe anuas faoi láthair) a áirithiú gur mhór an teann dúinn leanúint de chlár leanúnach na hinfheistíochta riachtanaí caipitil a chur i bhfeidhm in 2018 agus ina dhiaidh sin. Maidir le cur i bhfeidhm iomlán an Mháistirphlean, tá tús curtha againn le plé le hinstitiúidí airgeadais éagsúla chun maoiniú cuí a chur in áit chun seachadadh ár gclár caiteachas caipitil 10 mbliana a áirithiú.

Imeachtaí le linn na Bliana

Tháinig méadú ar na gníomhaíochtaí tógála maidir le réimse leathan de thionscadail chaipitil i rith na bliana 2017.

Bhí dul chun cinn suntasach ar an Tionscadal Athfhorbartha ‘Alexandra Basin’, go háirithe an tosú ar an bhfeachtas dreidireachta caipitil sé bliana chun Port Bhaile Átha Cliath a dhoimhniú go dtí -10.0m DC.

Cuireadh an chéad tioncscadal ag an bPort Intíre Bhaile Átha Cliath (bealach isteach a thógáil agus an teorainn a dhaingniú) i gcrích i rith na bliana.

Ar an taobh pleanála, rinne Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath Scéim Phleanála i nDeireadh Fómhair 2017 agus cuireadh criosú i gcomhréir leis an Máistirphlean 2012-2040 san áireamh. Rinneadh achomharc ar an scéim phleanála os comhair An Bhoird Pleanála agus táimid ag fanacht ar thoradh an phróisis sin.

Lean an t-athbhreithniú ar an Máistirphlean ar aghaidh le linn 2017 agus tá fís shoiléir ag teacht chun cinn a fheicfidh Port Bhaile Átha Cliath a bheith forbartha chuig a thoilleadh iomlán faoi 2040 gan níos mó cúngaigh ar Bhá Bhaile Átha Cliath.

An Dealramh atá ar Ghnóthaí le haghaidh 2018

Tabharfaidh Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta ar Athbhreithniú an Mháistirphlean i gcrích le linn 2018 agus tá sé beartaithe Máistirphlean 2040 a fhoilsiú faoi lár na bliana.

Anuas air sin, tá clár caipitil luathaithe á pleanáil ag an gCuideachta lena bhfeicfear méadú ar chaiteachas caipitil thar na deich mbliana go dtí 2027 ó €600m, an luach a bhí beartaithe roimhe seo, go €1,000m. Cruthaíonn sé seo mórdhúshlán maoinithe don Chuideachta ach tá sé riachtanach má táimid ag iarraidh leanúint ar aghaidh ag cur toilleadh ar fáil chun tabhairt faoin bhfás tapa atá againn.

Cuirfear iarratas isteach le linn 2018 maidir leis na chéad cheadanna pleanála le haghaidh suíomhanna a fhorbairt do ghníomhaíochtaí atá bainteach leis an bport ach ní gníomhachtaí lárnach iad ó Phort Bhaile Átha Cliath go dtí Port Intíre Bhaile Átha Cliath agus táthar ag súil go mbeidh tógáil tosaithe roimh dheireadh na bliana.

Le Breatimeacht le tarlú i Márta 2019, agus de bharr an éiginnteacht mhór a bhaineann le cad a chiallófar é in, le linn 2018 déanfaimid na hullmhúcháin is gá maidir le rialuithe teorann i bPort Bhaile Átha Cliath a thabhairt ar ais má tá gá leo ar deireadh thiar thall.

I dtreo dheireadh 2018, tosóimid ar phróiseas comhairliúcháin phoiblí maidir le muirir bhonneagair poirt i gcomhréir leis an Rialachán Seirbhísí Poirt atá le teacht i bhfeidhm in 2019. Níor tháinig méadú ar mhuirir phoirt do na modhanna lasta is mó ó rinneadh corparáid den Chuideachta in 1996. Tá sé tráthúil athbhreithniú ar mhuirir phoirt a dhéanamh de bharr an leibhéal ard d’infheistíocht chaipitil atá ag teastáil, de bharr go bhfuil sé ríthábhachtach úsáid uasmhéadaithe a bhaint de thailte an Phoirt agus de bharr neamhréireanna suntasacha i struchtúir mhuirearaithe an Phoirt.

Ar deireadh, ní bheidh aon cheann dár bpleananna forbartha indéanta mura bhfaighimid na ceadanna agus toilithe riachtanacha. Dá bhrí sin, ní mór dúinn Port Bhaile Átha Cliath a bhainistiú agus a fhorbairt go soiléir i gcomhréir leis na prionsabail a bhaineann le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe. Le linn 2018, leanfaimid ar aghaidh lenár gclár tionscnamh chun an Port a ath-imeascadh leis an gCathair thar na réimsí ar fad a bhíomar bainteach leo sna blianta is déanaí. Tá forbairt ar Pholasaí Caipitil Nádúrtha do Phort Bhaile Átha Cliath agus leanúint ar aghaidh le clár gníomhaíochtaí oidhreachta agus cultúrtha san áireamh leis sin.

Eamonn O’Reilly

Príomhfheidhmeannach

28th Márta 2018