30. Idirbhearta Páirtithe Gaolmhara

I gcomhréir le CTA102 tá an Comhlacht díolmhaithe ó nochtadh idirbheart le haonáin eile faoi úinéireacht an stáit.

Mar a tugadh faoi deara i nóta 1, tá aon ghnáthscair amháin i seilbh an Aire Airgeadais agus tá an chuid eile díobh i seilbh an Aire iompair ar an 31 Nollaig 2017.

Níor thug aon bhall Boird, a mbreathnófaí orthu mar pháirtí gaolmhar, ná baill den phríomhfhoireann bhainistíochta faoi aon idirbhearta ábhartha leis an gComhlacht i rith na bliana.

Mar a tugadh faoi deara i nóta 15, tá €0.7m dlite don Chomhlacht ó na cistí pinsin (2016: €1.1m).