Ráiteas ón gCathaoirleach

Chomh maith lena bheith ar an mbliain is fearr riamh do thréchur, láimhdeachas agus leibhéil bhrabúis, ba é 2017 an bhliain is fearr riamh d’infheistíocht i mbonneagar ag an gCuideachta.

Lucy McCaffrey — Cathaoirleach

Ráiteas ón gCathaoirleach

Athbhreithniú Trádála agus Airgeadais

In 2017, lean Port Bhaile Átha Cliath ar aghaidh mar an phríomhthairseach do thrádáil isteach is amach as Éirinn, láimhsealadh leis na leibhéil is airde de thréchur ná mar a bhí riamh don thríú bliain i ndiaidh a chéile. Ba é an tréchur iomlán don bhliain ná 36.4m tona, ionadaítear leis sin méadú 4.3% ar 2016 agus leis an bhfás iolraithe le cúig bliana anuas ag 30.1%, tá na méideanna anois 5.5m tona (17.7%) níos airde ná mar a bhí siad ag an mbuaic roimhe seo in 2007 roimh an gcúlú eacnamaíochta. Achoimraítear na príomhghnéithe d’fheidhmíocht an tréchuir mar a leanas:

  • Méadú 4.3% ar an tréchur iomlán ó 34.9m tona go dtí 36.4m tona
  • Méadú 3.9% ar allmhairí ó 20.7m tona go dtí 21.5m tona
  • Méadú 4.9% ar onnmhairí ó 14.2m tona go dtí 14.9m tona

Bhí an bonn bainte arís den fhás toirte in 2017 ag fás láidir san earnáil aonadaithe le trádáil ‘Ró-Ró’ agus ‘Ló-Ló’ ag taifeadadh méadaithe de 5.0% agus 5.2% faoi seach i dtéarmaí na n-aonad arna láimhseáil. Ba é an tonnáiste iomlán den trádáil aonadaithe ná 30.1m tona in 2017, tá sé sin freagrach as 82.6% den trádáil iomlán tríd an bport. Méideanna bulcleachtanna, tháinig méadú 6.6% go 4.3m tona go príomha ar tháirgí ola a fhad is a thit méideanna bulcsholad 1.0% den chuid is mó mar thoradh ar onnmhairí suiminte níos ísle toisc go bhfuil earnáil na tógála inmheánaí fós ag teacht chun cinn.

Maidir le taobh turasóireachta den ghnó, bhí líon na bpaisinéirí ar bhád farantóireachta ag 1.8 milliún 1.8% níos airde ná an bhliain roimhe sin agus chuir an Port fáilte roimh 127 long chrúsála in 2017 i gcomparáid le 109 in 2016. Laistigh de sin, tháinig méadú ar líon na long chrúsála le líon na bpaisinéirí/líon an chriú ag méadú 32.0% ó 159,000 in 2016 go dtí 210,000 in 2017.

Bhí baint ag an bhfás i méideanna tréchuir le feidhmíocht airgeadais láidir arís in 2017 inar:

  • Tháinig méadú 4.7% ar an láimhdeachas ó €81.6m go dtí €85.5m
  • Tháinig méadú 2.1% ar an mBrabús Oibriúcháin ó €45.6m go dtí €46.5m
  • Tháinig méadú 3.9% ar an mBrabús don Bhliain Airgeadais ó €39.0m go dtí €40.6m

Fad is a leanann méideanna ar aghaidh ag méadú tríd an bPort, tá níos mó tábhacht ag baint leis an ról atá ag Comhlacht Chalafort Átha Cliath maidir leis an gcumas atá ag teastáil chun méideanna trádála níos airde a láimhseáil. Chun na críche sin, chomh maith lena bheith ar an mbliain is fearr riamh do thréchur, láimhdeachas agus leibhéil bhrabúis, ba é 2017 an bhliain is fearr riamh d’infheistíocht i mbonneagar ag an gCuideachta. I dtéarmaí airgid tirim, d’infheistigh an Chuideachta níos mó ná €78m i mbonneagar i rith na bliana, tiomanta go príomha ag infheistíocht sa Tionscadal Athfhorbartha ‘Alexandra Basin’, an chéad phríomhthionscadal le tabhairt ar aghaidh faoi Mháistirphlean na Cuideachta 2012-2040. Fuarthas seilbh ar thalamh i ndáil leis an áis Phoirt Intíre Bhaile Átha Cliath nua i rith na bliana freisin agus mar a tuairiscíodh sna ráitis airgeadais, bhí costas €96m ar na breiseanna iomlána le sócmhainní seasta.

Tá Comhlacht Chalafort Átha Cliath tiomanta don chumas atá ag teastáil a áirithiú agus chun na críche sin:

  • Cuireadh tús le gníomhaíochtaí nach bhfuil lárnach a athlonnú go dtí áis Phoirt Intíre Bhaile Átha Cliath. Áiritheofar leis seo go mbaintear úsáid as a mhéid is féidir de na tailte laistigh den phort le haghaidh stóráil iompair lasta.
  • Críochnófar an t-athbhreithniú ar an Máistirphlean 2012-2040 faoi Aibreán 2018 agus déanfar an clár maidir le cur i bhfeidhm na dtionscadal atá ag teastáil a nuashonrú chun an bonneagar riachtanach a chur ar fáil chun fás sa todhchaí a láimhseáil
  • Cuireadh tús leis an obair chun an phleanáil maidir leis an dara Forbairt Bonneagair Straitéiseach (FBS) samhlaithe faoin Máistirphlean a thabhairt chun cinn leis an gcuspóir go mbeifí in áit a bheith in ann iarratas a chur isteach ar chead pleanála faoi dheireadh na bliana 2018.

Máistirphlean 2012-2040

I mo thuarascáil anuraidh, leag mé amach an cur chuige a bhí ag an gCuideachta maidir leis an gcéad athbhreithniú ar an Máistirphlean 2012-2040. Táim sásta go bhfuil an obair seo críochnaithe den chuid is mó agus faoi láthair táimid ag tabhairt an Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta i gcrích agus beidh sí in éineacht leis an Máistirphlean. Tá sé beartaithe go mbeidh na doiciméid seo eisithe i mí Aibreáin 2018 le haghaidh an bhabhta dheireanaigh de chomhairliúchán phoiblí, agus táthar ag súil leis an bhfoilseachán deireadh faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2018.

Is é an t-athbhreithniú ar an Máistirphlean a spreag ár mbuntuiscint fadtéarmach do thréchur go méadódh sé ó 2.5% in aghaidh na bliana go dtí 3.3% in aghaidh na bliana. Ar an mbonn sin, táthar ag súil go méadódh an tréchur go dtí 77m tona chomhlána faoi 2040 i gcomparáid le 60m tona chomhlána a bhíothas ag súil leis faoin bplean tosaigh.

Is é ceann de na torthaí is tábhachtaí ón bpróiseas athbhreithnithe ná an tiomantas nach n-iarrfaidh Comhlacht Chalafort Átha Cliath a leathnú trí Bhá Bhaile Átha Cliath. Tá sé molta freastal ar an bhfás seo i dtréchur trí úsáid a bhaint as achar an phoirt atá ann, ar na Cé Thuaidh agus laistigh de Leithinis an Phoill Bhig mar aon leis na tailte breise atá faighte againn ag Port Intíre Bhaile Átha Cliath. Ar an mbonn seo, d’ullmhaíomar Clár Infheistíochta Caipitil Deich mBliana uaillmhianach a fheicfear €1bn infheistithe sna tionscadail bonneagair atá leagtha amach sa Mháistirphlean chun an inniúlacht atá ag teastáil a chur ar fáil chun freastail ar an bhfás i dtrádáil a bhfuiltear ag súil le.

Beidh ról suntasach fós ag an Máistirphlean athbhreithnithe maidir le treoir agus comhthéacs straitéiseach a sholáthar ar thodhchaí an Phoirt ní hamháin do Chuideachta Phoirt Bhaile Átha Cliath ach do Rialtas Náisiúnta agus Áitiúil, gníomhaireachtaí reachtúla agus gníomhaireachtaí pleanála agus forbartha. Cuidíonn an Máistirphlean chun Polasaí Náisiúnta na bPort a chur ar an eolas agus chun treoir a thabhairt do na hÚdaráis Phleanála agus Ceadúcháin maidir le polasaí agus tograí ar leith a bhaineann le Port Bhaile Átha Cliath a chinneadh.

Port Intíre Bhaile Átha Cliath

In 2016, rinne an Bord cinneadh suntasach chun seilbh a fháil ar 44 heicteár de thalamh ag Páirc Lóistíochta Aerfort Bhaile Átha Cliath in aice leis an M50. Rinne an Bord é sin chun Crios Lóistíochta Seachtrach Poirt a bhunú. Fuarthas seilbh ar na tailte seo i rith na bliana 2017.

Tar éis seilbh a fháil ar na tailte, rinneadh na hoibreacha cumasaithe, lena n-áirítear fálta slándála, oibreacha tírdhreacha agus bealach isteach nua go dtí an áis a thógáil. I rith na bliana 2018, cuirfimid na hiarratais phleanála cuí isteach chun na suíomhanna ar leith a fhorbairt agus beimid ag súil le bheith in ann tógáil a thosú roimh dheireadh na bliana.

Beidh forbairt Port Intíre Bhaile Átha Cliath lárnach i gcuspóir uileghabhálach an Mháistirphlean, trí úsáid a bhaint as achar an phoirt atá ann sa mhéid is féidir agus trí athlonnú na ngníomhachtaí nach bhfuil lárnach laistigh d’eastát an phoirt a éascú. Chomh maith leis sin, tá sé i gceist ar deireadh go mbeidh na tailte in ann ionad ceann a sholáthar chun freastail ar lastaí allmhairithe/onnmhairithe fad is a leanann méideanna an phoirt ar aghaidh ag fás.

Tionscadal Athfhorbartha ‘Alexandra Basin’

Tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh ag cur i bhfeidhm an chéad phríomhthionscadail atá le tabhairt chun cinn faoin Mháistirphlean – an Tionscadal Forbartha ‘Alexandra Basin’. Bhí na hoibreacha in 2017 dírithe ar thógáil cé nua ag an taobh thiar den bháisín le chéile leis na beartanna ar Ché an Aigéin a atógáil agus a dhoimhniú.Chomh maith leis sin, tugadh faoin chéad séasúr den dreidireacht chaipitil ó Dheireadh Fómhair 2017 go Márta 2018. Cuirfidh an clár dreidireachta caipitil, atá le cur i gcrích thar sé shéasúr, tús le doimhneacht an chainéil a mhéadú go -10.0m CD. Caitheadh €64m ar an iomlán ar an Tionscadal Athfhorbartha ‘Alexandra Basin’ in 2017.

Tionscadal MP2

Thosaíomar an próiseas chun an dara príomhthionscadal atá i gceist faoin Mháistirphlean – an Tionscadal MP2, a chur i bhfeidhm.

Tá sé i gceist leis an tionscadal seo toilleadh breise a sholáthar do “Ro-Ro” agus “Lo-Lo” mar a leanas:

  • Críochfort farantóireachta aontaithe a chruthú do thrí oibreoir atá cheana ann le cumas lastais de 1.5m aonad “Ro-Ro” in aghaidh na bliana (is ionann é seo agus 67% den thréchur atá tuartha faoi 2040) agus cumas paisinéirí su as go trí mhilliún in aghaidh na bliana
  • Leathadh Chríochfort Choimeádán DFT chun cumas tréchur de 740,000 in aghaidh na bliana a chur ar fáil (is ionann é seo agus 47% den tréchur atá tuartha faoi 2040).

Beidh an Tionscadal MP2 den scála go mbeidh ar An mBord Pleanála é a mheasadh go díreach mar Fhorbairt Bonneagair Straitéiseach agus tá sé i gceist againn an t-iarratas pleanála a chur isteach roimh dheireadh na bliana 2018.

Poll Beag Thiar SDZ

Rinneadh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath an Scéim Pleanála do Pholl Bheag Thiar SDZ i nDeireadh Fómhair 2017. Tugann an scéim, a sholáthraíonn creat do’fhorbairt sa todhchaí de 34 heicteár laistigh de limistéar SDZ, le chéile le crios úsáide talún i gcomhréir leis an Máistirphlean 2012-2040.

Is le Comhlacht Chalafort Átha Cliath thart ar leath de thailte SDZ agus cuireann an Bord fáilte roimh chriosú na tailte seo maidir le forbairt an phoirt mar ghné thábhachtach chun áiseanna breise a chur ar fáil chun ceanglais cumais láimhseála lasta atá i gceist faoin Mháistirphlean 2012-2040 a sholáthar. Go tábhachtach, bhí an crios úsáide talún dá bhforáiltear sa Scéim Phleanála bainteach le teacht ar an gcinneadh go bhféadfadh Port Bhaile Átha Cliath a fhorbairt chun toilleadh a sholáthar do mhéideanna atá tuartha go 2040 gan líonadh isteach ar Bhá Bhaile Átha Cliath.

Measann Bord Chuideachta Phoirt Bhaile Átha Cliath go bhfuil na cuspóirí úsáide talún, mar atá leagtha amach mar chuid den phróiseas Athbhreithnithe Máistirphlean, bunriachtanach maidir leis an toilleadh a sholáthar chun freastal ar an bhfás i dtréchur agus go bhfuil sé bunriachtanach tailte na cuideachta i bPoll Beag a choimeád chun freastal ar an leathadh i dtoilleadh seo.

Breatimeacht

Bhí an comhchoibhneas láidir atá feicthe againn idir ár bhfás i méideanna agus fás OTI soiléir le blianta fada. Ag leibhéal maicreacnamaíoch, beidh an éifeacht a bheidh ag Breatimeacht ar fhás OTI bainteach leis an éifeacht a bheidh ar mhéideanna tríd an bport.

Ar leibhéal praiticiúil, beidh ar na Coimisinéirí Ioncaim agus na páirtithe leasmhara reachtúla eile iniúchadh a dhéanamh ar a gcuid ceanglais i gcomhthéacs na Breatimeachta - mar shampla beidh ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), An Roinn Talmhaíochta agus An Garda Síochána aghaidh a thabhairt ar cheanglais nua chun a áirithiú go n-urramaítear ionracas na rialacha teorann tar éis na Breatimeachta. Do chuid de na heintitis seo, beidh orthu iniúchadh a dhéanamh ar leibhéil breise lasta faoina gcúraimí reachtúla ábhartha.

Tá Comhlacht Chalafort Átha Cliath ag pleanáil ar an mbonn go mbeidh rialacha teorann i bhfeidhm ón 29 Márta 2019 agus tá sí ag oibriú le hOifig na nOibreacha Poiblí chun a áirithiú go mbeidh na háiseanna cuí in áit do na gníomhaireachtaí Stáit ábhartha.

Comhtháthú an Phoirt agus na Cathrach

Luachálann Comhlacht Chalafort Átha Cliath an t-idirspleáchas atá ann ar feadh na gcéadta bliain idir Cathair Bhaile Átha Cliath agus a port agus oibríonn sí go gníomhach chun comhtháthú an Phoirt agus na Cathrach a neartú. Is iad ár bhFreagracht Chorparáideach Sóisialta agus ár straitéisí bogluachanna na príomhbhealaí chun an comhtháthú níos iomláine seo a thabhairt i gcrích.

Trína clár CSR, geallann Comhlacht Chalafort Átha Cliath go mbeidh an Port páirteach i bhforbairt eacnamaíoch inbhuanaithe. Ag oibriú le fostaithe, an pobal áitiúil agus an tsochaí i gcoitinne, tá sé mar aidhm againn caighdeán na beatha a fheabhsú ar bhealaí a bheidh go maith do ghnó an Phoirt agus do Chathair Bhaile Átha Cliath, a saoránaigh agus a cuairteoirí.

Ag teacht leis an ngealltanas sin, tá a fhios ag Comhlacht Chalafort Átha Cliath go maith go bhfuil nasc tréan ann idir an Port agus na pobail áitiúla, a cruthaíodh i gcaitheamh na mblianta, agus déantar iarracht leis an gclár FSC tacú le gníomhaíochtaí i bpobail áitiúla a bhaineann leis an oideachas, le spóirt agus le tionscadail chomhphobail.

Na tionscnaimh is tábhachtaí in 2017 a bhíomar bainteach leo ná:

  • Freagra ar Dhrugaí Cheantar na Rinne (FDCR)
  • Tionscnamh Luathfhoghlama Choláiste Náisiúnta na hÉireann
  • Clár leanúnach Scoláireachta Comhlacht Chalafort Átha Cliath
  • Tionscnaimh Scileanna Tógála Dughailte Bhaile Átha Cliath
  • Clubanna agus gníomhaíochtaí éagsúla spórtúla

I gcomhréir leis na gealltanais atá leagtha síos sa Mháistirphlean, cheadaigh an Bord creat bogluachanna. Tugann an creat seo níos mó tacaíocht do chuspóir ath-imeasctha an Phoirt agus na Cathrach agus díríonn sé ar fhorbairtí a chomhlíonann ceanglais AE maidir le reachtaíocht chomhshaoil.

Tá sé mar aidhm ag an gcreat a áirithiú:

  • Forbairt nua a chomhtháthú le tírdhreacha tógtha agus nádúrtha sa dúiche mórthimpeall
  • Dearadh inbhuanaithe a chur chun cinn sa timpeallacht nádúrtha agus thógtha
  • Caomhnú na struchtúr cosanta in eastát an phoirt a dhaingniú
  • Prionsabail an Dearaidh Uilíoch a chur chun cinn chun go mbeadh rochtain ó nádúr ag daoine faoi mhíchumas, agus acu siúd gan mhíchumas araon, ar thimpeallachtaí
  • Rochtain ar chaitheamh aimsire i bPort Bhaile Átha trí bhealaí rothaíochta agus siúlóide a chur ar fáil chomh maith le háiseanna faire éan agus chun taitneamh a bhaint as gníomhaíocht laistigh den phort agus as radhairc Bhá Bhaile Átha Cliath
  • Nithe is díol spéise suntasacha a fhorbairt, amhail Lárionad Oidhreachta an Phoirt
  • Rochtain phoiblí ar imeall an uisce a uasmhéadú agus an réimse poiblí a fheabhsú trí thírdhreachtú agus ardchaighdeáin ghlaineachta.

Bhí cumraíocht agus oscailt oifigiúil an Lárionad Phoirt mar thoradh ar shraith shuntasach de thionscadail oidhreachta cultúrtha agus tionsclaíochta do Comhlacht Chalafort Átha Cliath i rith na bliana 2017.

Lainseáilte ag An Taoiseach Leo Varadkar, TD agus Ardmhéara Bhaile Átha Cliath agus Aimiréil Oinigh de Phort Bhaile Átha Cliath, Mícheál Mac Donncha, ceiliúrann an réimse poiblí nua a thimpeallaíonn ceanncheathrú na cuideachta ar Bhóthar Alexandra caibidil nua i stair an Phoirt.

Tá liathróid chruach dhosmálta ceithre thonna spreagtha ag an ‘Time Ball’ os comhair an lárionaid, a sheas ar dtús ar dhíon Oifig Ballast ag an gcúinne idir Cé Aston agus Sráid Westmoreland.Timpeall an phláis, tá gairdín tírdhreachtaithe muirí agus tá dealbh nuachoimisiúnaithe, ‘The Drop’ a rinne an céimí ó NCAD agus ealaíontóir Éireannaigh atá ag teacht chun cinn, Eimear Murphy. Déanta as coincréit, súgraíonn an dealbh le mangaisíní grástúlachta agus dearaidh.

Ag tabhairt an ceantar mórthimpeall den fhoirgneamh Scott Tallon Walker 1981 i gcrích, tá an ‘Crane 292’, craein athchóirithe Stother & Pitt ó na 1960í. Bhí sé mar chapall oibre den Phort, ag lódáil agus ag dílódáil ábhair thoirtiúil de na longa ag Cé Alexandra ó 1964 go dtí a scor in 1997. Athbhunaithe arís, tá Crane 292 - péinteáilte i ‘ngorm poirt’ - soilsithe san oíche. Soláthraíonn sí croílár nua do cheantar na ndugaí, is feabhsú maith í don Chathair agus do spéirlíne an phoirt agus feidhmíonn sí mar mheabhrú tábhachtach de thrádáil an cheannaí a bhí mar pháirt de bhallaí na gcéanna sa Chathair.

Ar an gcaoi chéanna, dhírigh Port Bhaile Átha Cliath ar na healaíona chun a scéal a insint ar shlí eile agus, i rith na bliana 2017, thosaigh an Port ag tabhairt faoi ghnéithe difriúla den phort a oscailt do lucht féachana nua trí Dhearcthaí an Phoirt. Bhí na tionscnaimh seo a leanas lainseáilte i rith na bliana:

Rinne Silvia Loeffler ‘Transit Gateway: A Deep Mapping of Dublin Port’ lena ndearnadh doiciméadú ar athruithe idirthréimhseacha i bPort Bhaile Átha Cliath, óna líne cladaigh meánaoiseach go dtí a leagan amach sa lá atá inniu ann

Bhí comhoibriú Sheelagh Broderick le maraí idirnáisiúnta ar cuairt ar Lárionad na Maraithe i bPort Bhaile Átha Cliath mar thoradh ar chruthú sraith podchraolta a thugann léargas ar leith ar shaolta na maraithe, rud nach dtuairiscítear go minic

Port|River|City, clár ar leith de léirithe agus suiteálacha suíomhoiriúnaithe le híomhá ghluiasteach, cruthaithe ag Alice Butler & Daniel Fitzpatrick ó Aemi agus an t-ealaíontóir Cliona Harmey.

Chomh le saothar ealaíne poiblí nua a choimisiúnú, bhí páirt ag Port Life i nDearcthaí an Phoirt: Eugeen Van Mieghem, taispeántas ceithre mhí i Hugh Lane, Dánlann Chathair Bhaile Átha Cliath.Thug an taispeántas saothair an ealaíontóra ón mBeilg a bhfuil an-aird air do lucht féachana Éireannach don chéad uair, a léirigh saol i bPort an Antwerp ag tús an 20ú haois.

Ba é an chuid dheireanach de Dhearcthaí an Phoirt 2017 ná urraíocht Phoirt Bhaile Átha Cliath don 57ú Venice Biennale Idirnáisiúnta. Tionscnamh de Chultúr Éireann ba é seo i gcomhpháirt leis an gComhairle Ealaíon.

Conclúid

Bhí na torthaí a baineadh amach in 2017 curtha ar chumas ag lucht oibre agus bainistíocht Chuideachta Phoirt Bhaile Átha Cliath, faoi cheannaireacht tiomanta ag an bPríomhfheidhmeannach, Eamonn O’Reilly. Tá an Bord buíoch as a sárobair.

Táimid an-bhuíoch as comhoibriú iad go léir a bhfuil leas acu i rath na cuideachta - custaiméirí, soláthróirí agus gníomhaireachtaí reachtúla.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire as a thacaíocht agus leis an bpearsanra tiomanta sa Roinn Iompair, Turasóireachat agus Spóirt.

Mar chríoch, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le mo chomhghleacaithe ar an mBord as a gcuid oibre le linn na bliana seo caite.

Lucy McCaffrey

Cathaoirleach

28th Márta 2018