2. Ráiteas géilliúntais

Ullmhaíodh na ráitis airgeadais ar bhonn an ghnóthais leantaigh agus i gcomhréir leis an gcleachtas cuntasaíochta a bhfuil glacadh ginearálta leis in Éirinn (arna eisiúint ag an Financial Reporting Council sa RA agus arna cur i bhfeidhm ag Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn agus Acht na gCuideachtaí 2014). Tá na ráitis airgeadais i gcomhréir le Caighdeán Tuairiscithe Airgeadais 102, “An Caighdeán Tuairiscithe Airgeadais atá i bhfeidhm sa Ríocht Aontaithe agus i bPoblacht na hÉireann” (“CTA 102”), agus Acht na gCuideachtaí, 2014.